Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta do dhíriú go daingean ar Bhailitheoirí Dramhaíola mídhleathacha agus oibríochtaí de chineál “Fear sa Veain”. Fógraíonn Bailitheoirí Dramhaíola Bréige a gcuid seirbhísí trí bhileoga a chur i mboscaí litreacha nó ar na meáin shóisialta. Áirítear leis na seirbhísí a fhógraítear gach cineál dramhaíola a bhaint.
Is cion coiriúil é seirbhísí Bailitheoirí Dramhaíola Bréige a úsáid chun dramhaíl a bhaint agus a dhiúscairt.
Ní mór Cead Bailithe Dramhaíola bailí a bheith ag Bailitheoirí Dramhaíola arna eisiúint ag an Oifig Náisiúnta um Cheadanna Bailithe Dramhaíola (NWCPO). Is féidir liosta iomlán de Bhailitheoirí Dramhaíola cláraithe a fheiceáil ar a suíomh gréasáin. Mar chuid dá gcoinníollacha ceadúnais, ní mór d’uimhreacha ceadúnais gach bailitheoir dramhaíola cláraithe a bheith ar taispeáint ar a veain/trucail agus cóip dá gceadúnas a iompar ina bhfeithicil.
Seiceáil i gcónaí go bhfuil aon Bhailitheoir Dramhaíola a fhostaíonn tú údaraithe.
Má thairgeann duine aonair nó ‘fear le veain’ do dhramhaíl a thabhairt ar shiúl go saor, tá gach seans ann go ndéanfar do dhramhaíl a dhumpáil sa deireadh – i bportach, i bpáirc, ar bhóthar tuaithe. Má tharlaíonn sé seo agus má rianaítear an dramhaíl ar ais chugat ansin, beidh tú freagrach as í a ghlanadh agus gheobhaidh tú fíneáil idir €150 agus €3,000 ar chiontú sa chúirt. Sa deireadh thiar, is ortsa atá an fhreagracht mar shealbhóir dramhaíola a chinntiú go ndéantar do dhramhaíl a dhiúscairt i gceart.
Tá tú faoi dhliteanas ionchúisimh má aimsítear gur dumpáladh do dhramhaíl go mídhleathach.
Má thagann duine éigin chugat atá ag tairiscint do dhramhaíl a thógáil ar shiúl agus má cheapann tú nach bhfuil cead acu dramhaíl a thógáil ar shiúl, nó má fheiceann tú fógraíocht ar líne á déanamh acu, déan é a thuairisciú láithreach faoi rún don Rannóg Comhshaoil.
Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil
Address
An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX