Éilíonn Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 agus Fhodhlíthe Bainistíochta Dramhaíola Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2019 go ndéantar dramhaíl tí agus tráchtála a dheighilt, a stóráil agus a chur i láthair i gceart.
Conas dramhaíl a dheighilt agus a stóráil:
Tá seirbhís trí bhosca bruscair ar fáil le haghaidh bailiú ábhar in-athchúrsáilte, dramhaíola orgánaí agus dramhaíola líonta talún má tá tú ar bhealach seirbhísithe. Tá sé de dhualgas ar do Bhailitheoir Dramhaíola an córas trí bhosca seo a sholáthar duit chun dramhaíl do theaghlaigh a dheighilt agus a stóráil.
- Bosca Athchúrsála (glas de ghnáth) – le haghaidh plaisteach, páipéir, cairtchláir agus stáin atá glan, tirim agus scaoilte; mar shampla, gach plaisteach crua agus bog, coimeádáin alúmanaim, páipéar agus cairtchlár.
- Araid Mhúirín (donn de ghnáth) - le haghaidh dramhaíl bia, dramhaíl gairdín, agus aon phacáistiú in-mhúirínithe; mar shampla, gach gearrthóg, craiceann agus fuílleach bia, gearrthóga féir agus plandaí.
- Bosca Ginearálta (dubh de ghnáth) - le haghaidh na míreanna atá fágtha nach féidir a athchúrsáil ná a mhúiríniú; mar shampla, pacáistiú salach, luaithreach fuar/i málaí, dramhaíl sláintíochta, clúidíní, cupáin neamh-inmhúirínithe etc.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na cineálacha éagsúla dramhaíola agus conas do dhramhaíl a dheighilt i gceart ag https://mywaste.ie/dispose-waste/at-home/three-bin-system/
Más mó ná 100 méadar atá tú ó bhealach bailithe seirbhísithe nó mura bhfuil do mhaoin oiriúnach le haghaidh stórála boscaí bruscair, is féidir leat iarratas ar dhíolúine a dhéanamh chuig an gComhairle chun málaí a úsáid. Próiseálfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe d’iarratas i gcomhairle le do Bhailitheoir Dramhaíola Údaraithe. Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm seo agus seol ar ais í:
Conas dramhaíl a chur i láthair lena bailiú:
Ní mór do theach cónaithe príobháideach nó do ghnó a chinntiú go gcomhlíonann stóráil shealadach dramhaíola atá le bailiú leis na fodhlíthe, mar shampla, go gcoinnítear boscaí bruscair laistigh de chúirtealáiste do mhaoine agus nach gcuirtear iad ar an gcosán nó san áit phoiblí ach amháin nuair a bhíonn siad le bailiú.
Ba chóir do Bhailitheoir Dramhaíola sonraí a thabhairt duit maidir le conas do dhramhaíl a dheighilt agus cén lá ar cheart na boscaí bruscair éagsúla a chur amach le haghaidh bailiúcháin.
Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil
Address
An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX