Is éard atá i gceist le Togra Bhóthar an N59 idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard 15km den N59, an Bóthar Náisiúnta den Dara Grád atá ann cheana, idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard i gCo. na Gaillimhe a athailíniú agus é a uasghrádú go Carrbhealach Singil de Chineál 3 agus na hoibreacha coimhdeacha a ghabhann leis. Leathnú ar líne den chuid is mó a bheidh i gceist leis an uasghrádú agus beidh cuid de na stráicí as líne. Déanfar uasghrádú ar thart ar 10.6km (70%) de stráicí ar líne agus ar 4.4km (30%) de stráicí as líne.
Cuireadh an chéad chéim, 5.3km idir an Teach Dóite agus Bun an Choill, i gcrích in 2021.
Réamhrá
Is é an N59 an bóthar náisiúnta den dara grád is faide sa stát. Is bealach iompair straitéiseach suntasach é a théann ó chathair na Gaillimhe, trí Chonamara agus ansin ó thuaidh chun ceangal a dhéanamh le Cathair na Mart, Béal an Átha agus ar deireadh le Baile Easa Dara i gCo. Shligigh. Cé nach é an bealach is fearr idir na cathracha tairseacha, Sligeach agus Gaillimh agus chuig croílár Bhéal an Átha, a bhfuil bealaí níos dírí ann a fhreastalaíonn orthu amhail an N26, an N17 agus an N86, tá sé ina chuid de Bhealach Mara an Atlantaigh agus cuireann sé ceangail thábhachtacha ar fáil chuig ceantair cois cósta agus ceantair a mbaineann luach ard taitneamhachta agus turasóireachta leo. Is é an N59 an t-aon bhealach náisiúnta siar ó Chathair na Gaillimhe agus is é an príomhbhealach iompair a fhreastalaíonn ar cheantar ollmhór iargúlta, á cheangal leis an líonra iompair náisiúnta. Cuireann sé ceangailteacht ar fáil do cheantair a bhfuil leibhéil eisiaimh níos airde i gceist leo mar gheall gur ceantair imeallacha iad. Is ar bhóthar amháin a bhfaightear rochtain ar na ceantair sin, bíodh sin ar iompar poiblí nó ar iompar príobháideach, níl aon bhealach malartach iarnróid ar fáil. Tuigeann Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil an bealach atá ann faoi láthair go mór faoi bhun an chaighdeáin agus, go deimhin, go bhfuil sé faoin íoschaighdeán le haghaidh bóthar náisiúnta den dara grád.
Aithnítear tábhacht an N59 mar chonair iompair a chuireann rochtain ar fáil ar cheantair imeallacha i nGaillimh, i Maigh Eo agus i Sligeach ar leibhéal beartais náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Meastar gur conair eacnamaíoch straitéiseach é, a mbeidh tionchar ag a fheabhsú agus a uasghrádú ar fhorbairt líonra feabhsaithe bóithre, agus a mbeidh príomhpháirt aige i bhfás eacnamaíoch a uasmhéadú agus a mbainfear infhaighteacht réigiúnach amach agus a dtabharfar aghaidh ar éagothroime réigiúnach leis. Meastar freisin gur bealach fíorshuntasach turasóireachta, a bhfuil radhairc áille le feiceáil uaidh agus fóillíochta é a chuireann rochtain ar an gcósta agus ar nithe is díol spéise do thurasóirí an cheantair ar fáil, amhail Páirc Náisiúnta Chonamara agus Mainistir na Coille Móire.
Pleanáil agus Ordú Ceannaigh Éigeantaigh
Bhí Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (CPO) 07.KA0027 agus ceadú EIS 07HA0041 do Thogra Bhóthar an N59 idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard deimhnithe ag an mBord Pleanála in 2013.
Thacaigh tuairisc an Innealtóra Togra an 27 Meán Fómhair 2012 leis an iarratais chuig an mBord, inar moladh gur cheart an CPO a dhéanamh. Deimhníodh i dtuairisc an Phleanálaí Feidhmiúcháin Shinsearaigh an 28 Meán Fómhair 2012 go bhfuil an fháil talún i gcomhréir le cuspóirí pleanála agus forbartha inbhuanaithe an cheantair.
Is é 65.1ha achar iomlán na talún atá san áireamh sa CPO agus tá 15.5ha de aicmithe mar bhóthar poiblí. San áireamh i sceideal foilsithe an CPO bhí an fháil bheartaithe talún de 312 ceapach ó 56 grúpa úinéirí talún ar an iomlán. Cuirfear 9 gceart slí ar ceal go sealadach agus tabharfar ar ais iad chomh luath is atá an fhorbairt bheartaithe curtha i gcrích.
Cuireadh Ráiteas Tionchair Natura faoi bhráid chomh maith chun Measúnacht Chuí ar oibreacha uasghrádaithe an bhóthair ar láithreáin Natura 2000 i limistéir an tsuímh a éascú.
Cuir Síos Ginearálta ar an bhForbairt Bheartaithe
Tugtar a leanas san áireamh leis na príomhghnéithe a bhaineann leis an bhforbairt: -
• 15km uasghrádaithe ar bhóthar náisiúnta den dara grád;
• 0.55km d’fheabhsaithe/ailínithe bóthair áitiúil;
• Feabhsúchán ar leagan amach 8 n-acomhal bóithre poiblí;
• 2.0 km de bhóithre feirme/cóiríochta/rochtana agus de bhealaí rochtana;
• 3 struchtúr droichead comhdhéanta de 2 dhroichead nua thar shruthchúrsaí agus uasghrádú/síneadh a chur le 1 droichead amháin thar shruthchúrsa agus 32 thrasrian sruthchúrsa píobaithe/lintéar;
• 260m de bhallaí coinneála;
• Obair chréafóige agus cosáin;
• 1.65 km de raon siúlóide/rothaíochta
• Oibreacha fálta agus oibreacha fálta sábháilteachta, oibreacha draenála, oibreacha thírdhreachaithe, bearta maolúcháin maidir leis an timpeallacht, oibreacha maidir le gnéithe fóntais agus seirbhíse a chur ar athshlí, oibreacha freastail agus na hoibreacha coimhdeacha a ghabhann leo.