Scéim Athailínithe N63 An Lios go dtí an Mhainistir
Forbhreathnú ar an bhforbairt bóthair atá beartaithe
Is éard atá i gceist le Scéim Athailínithe N63 an Lios go dtí an Mhainistir ná cuid 2.3 chiliméadar nua de bhóthar náisiúnta tánaisteach a thógáil, mar aon leis na hoibreacha coimhdeacha agus iarmhartacha go léir, lena n-áirítear droichead thar Abhainn na hAbarta.
Tá áiseanna do choisithe agus do rothaithe san áireamh, go príomha feadh bhealach an N63 atá ann cheana féin. Tá an fhorbairt suite i mbailte fearainn na Coillí Thuaidh, na Coillí Theas, an Leasa, na Mainistreach, Pháirc an tSéipéil, na Claise Airde, Mhaighne, agus an Bhaile Nua i gContae na Gaillimhe.
Cur síos ginearálta ar an bhforbairt bóthair atá beartaithe
I measc phríomhghnéithe na forbartha atá beartaithe, tá:
- Tógáil thart ar 2.3 chiliméadar de bhóthar aonair carrbhealaigh nua chineál 2 (ar leataobh ón trácht den chuid is mó)
- Aon timpeallán nua amháin ag an taobh thiar chun nascadh leis an N63 atá ann cheana féin
- Dhá acomhal tosaíochta nua a nascadh leis an L6159 agus an L6234, lena n-áirítear mion-athailíniú ar bhóithre áitiúla
- Droichead glanréise cearchaillte cruach amháin thar Abhainn na hAbarta
- Roinnt tóchar píobaithe agus dhá thóchar bosca thar claíocha féir atá ann cheana féin
- Trí thóchar bosca um maolú tuilte
- Áiseanna do choisithe agus do rothaithe, feadh an N63 atá ann cheana féin go príomha
- Créfoirt, lena n-áirítear:
- Tochailt ábhair nach bhfuil oiriúnach
- Tochailt agus próiseáil carraige
- Aisghabháil agus athúsáid ábhar
- Oibreacha cóiríochta lena n-áirítear bóithre rochtana agus bealaí isteach
- Oibreacha draenála, lena n-áirítear:
- Locháin mhaolaithe a dheartar de réir prionsabal draenála inbhuanaithe
- Áiseanna Cóireála uisce dromchla, coimeád doirte agus maolú
- Atreoruithe fóntais agus seirbhíse lena n-áirítear:
- Línte lastuas meánvoltais (10 kV/20 kV)
- Línte lastuas EIR
- Bonneagar sábháilteachta, lena n-áirítear:
- Bacainní sábháilteachta, soilsiú poiblí, agus fálú
- Ionad amhairc le haghaidh Mhainistir Chnoc Muaidhe, le háiteanna páirceála
- Tírdhreachú, comharthaíocht, soilsiú agus oibreacha coimhdeacha eile
- Cosáin rochtana feirme agus oibreacha cóiríochta lena mbaineann
- Bearta cosanta comhshaoil agus oibreacha cóiríochta eile
Príomhdhoiciméid
OCÉ agus doiciméid phleanála
Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (EIAR):
Doiciméid bhreise