Cuardaigh

Cuarbhóthar Thuaidh Bhaile Átha an Rí

Tógáil chuid thiar an chuarbhóthair, lena n-áirítear timpeallán, áiseanna do choisithe agus do rothaithe, agus oibreacha gaolmhara i mBaile an Gharráin.

Deonaíodh Pleanáil Chuid VIII do Chuarbhóthar Thuaidh Bhaile Átha an Rí i mí Dheireadh Fómhair 2006. Tógadh an chéad chuid den bhóthar, ó Bhóthar an Ráithín (L3103) ó thuaidh go dtí acomhal timpealláin le Teachíní Bhaile Dháith agus an R347 agus osclaíodh é do thrácht i lár 2013.

Baineann an OCÉ seo le cuid thiar na scéime, atá suite i mbailte fearainn Bhaile an Gharráin Thuaidh agus Bhaile an Gharráin Theas i gContae na Gaillimhe.  Áireofar leis na hoibreacha ar an gcuid seo tógáil thart ar 1 chiliméadar de bhóthar áitiúil, lena n-áirítear timpeallán, agus na hoibreacha coimhdeacha agus iarmhartacha go léir. Áiríodh soláthar áiseanna do choisithe agus do rothaithe araon mar chuid den fhorbairt bheartaithe.

Tá cóip den OCÉ, na sceidil, agus na léarscáileanna dá dtagraítear san ordú ar fáil thíos.