Ailíniú an N17 ó Bhaile an Mhuilinn go Gort na Gonaide
Tá ailíniú 3 chiliméadar de Bhóthar Náisiúnta agus na hoibreacha coimhdeacha go léir sa tionscadal ailínithe atá beartaithe ar an N17 ó Bhaile an Mhuilinn go Gort na Gonaide. Is é atá ann ná carrbhealach aonair Chineál 1 a bhfuil áis go hiomlán scartha aige do rothaithe agus do choisithe feadh an fhaid iomlán, lonnaithe ó thuaidh de Bhaile an Mhuilinn i gContae na Gaillimhe. Tá an Tionscadal lonnaithe go hiomlán laistigh de Chontae na Gaillimhe agus síneann sé idir bailte fearainn Bhaile an Mhuilinn, an Chartrúin, Chluain na Croise, Ghort na Lobhra, an Droma agus Ghort na Gonaide atá suite díreach siar ó thuaidh de Bhaile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe.
Cuspóirí don Athailíniú Bóthair atá Beartaithe
Baineann na cuspóirí don scéim bheartaithe le cur i bhfeidhm sonrach áitiúil ar chuspóirí uileghabhálacha iompair an rialtais (Geilleagar, Comhshaol, Sábháilteacht, Comhtháthú, Rochtain agus Cuimsiú Sóisialta agus Gníomhaíocht Coirp).
Tá cuspóirí na scéime N17 ó Bhaile an Mhuilinn go Gort na Gonaide i gcomhréir leis an treoir a tugadh in san Aonad PAG BIÉ PAG 12.0 – Miontionscadail (€5m - €20m)
- chun amanna taistil a laghdú agus iontaofacht amanna taistil a fheabhsú ar an gcóras iompair ar bóthar;
- chun leigheas a chur ar easnaimh acmhainne agus amanna iomlána taistil agus éagsúlacht in am taistil a laghdú;
- chun bonneagar iompair ar bóthar inmheánach idir réigiúin agus laistigh de réigiúin a fheabhsú;
- chun sábháilteacht a fheabhsú do gach úsáideoir bóithre, lena n-áirítear coisithe agus rothaithe feadh an ghréasáin bóithre náisiúnta agus an ghréasáin bóithre máguaird araon;
- an ráta imbhuailtí feadh an ghréasáin bóithre náisiúnta a laghdú go dtí go mbeidh sé faoi bhun an mheáin náisiúnta;
- chun feabhas a chur ar chóras draenála bóithre agus ar cháilíocht an uisce a ritheann chun srutha trí leas a bhaint as SUDS;
- cur le hiomaíocht na hearnála táirgiúla agus forbairt chothrom réigiúnach a chothú;
- rochtain níos fearr a éascú chuig agus ó na príomhchalafoirt agus na haerfoirt agus é mar phríomhchuspóir éifeachtaí diúltacha na himeallachta a chúiteamh;
- cur le beartais iompair inbhuanaithe, fás eacnamaíoch leanúnach agus forbairt réigiúnach a éascú agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta comhshaoil a chinntiú; agus
- chun cabhrú le cuspóirí Straitéis Sábháilteachta Bóithre an Rialtais a bhaint amach i ndáil le líon na ndaoine a mharaítear agus líon na ndaoine a ghortaítear go tromchúiseach mar thoradh ar thimpistí bóthair a laghdú.
An Gá leis an bhForbairt Bóthair atá Beartaithe
Pleanáil agus Forbairt
Maidir le pleanáil, tugtar tacaíocht don riachtanas straitéiseach náisiúnta don fhorbairt bóthair a bheartaítear i roinnt cáipéisí beartais agus pleananna náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla lena n-áirítear: -
- Éire 2040 Ár bPlean- an Creat Náisiúnta Pleanála;
- Éire 2040 – an Creat Náisiúnta Pleanála 2018 – 2027;
- Ár dTodhchaí Inbhuanaithe – Creat um Fhorbairt Inbhuanaithe na hÉireann;
- Creat an Pholasaí Náisiúnta Rothaíochta;
- Creat Straitéiseach um Infheistíocht in Iompar ar Tír (SFILT);
- Taisteal Níos Cliste - Todhchaí Iompair Inbhuanaithe;
- Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015 - 2021; agus
- Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha do Réigiún an Iarthair 2010 – 2022
Easnaimh a Bhaineann leis an mBealach atá ann cheana
Is é fad iomlán na forbartha atá beartaithe ar an N17 atá ann cheana ná thart ar 3 chiliméadar. Tá codanna tuaithe agus uirbeacha araon ann. Tá an trasghearradh bóthair atá ann anois faoi bhun an chaighdeáin le haghaidh teorainn luais 100 ciliméadar/u. Is é thart ar 3.0m an meánleithead lána i ngach treo gan ghualainn chrua ar bith, gan stráice crua nó a bhfuil stráice crua easnamhach aige, spás teoranta ar imeall an bhóthair agus taobhanna bóthair nach bhfuil dóthain spáis ann. Mar gheall air sin, níl sé oiriúnach d’úsáideoirí nach n-úsáideann mótar (coisithe agus rothaithe).
Is cúis le moill tráchta na tosca sin, leo féin agus i gcomhar le chéile, go háirithe le linn buaicthréimhsí. Táthar ag súil go sábhálfaidh an fhorbairt bóthair atá beartaithe am taistil agus go méadóidh sí sábháilteacht ar bhóithre.
Cuirfidh an t-ailíniú atá beartaithe trasghearradh de charrbhealach aonair Chineál 1 ar fáil, ina mbeidh carrbhealach pábháilte 12.3m le háis go hiomlán scartha do rothaithe/coisithe feadh fhad iomlán na scéime.
I bhfianaise mhéid agus chomhdhéanamh tráchta reatha an N17, cruthaíonn an trasghearradh easnamhach feadh fhormhór na gcodanna tuaithe den bhóthar riosca sábháilteachta do gach úsáideoir bóthair, lena n-áirítear úsáideoirí bóthair leochaileacha. Is minic nach mbíonn léargas leordhóthanach acu siúd a bhfuil rochtain dhíreach acu ar an mbealach agus ag daoine a bhfuil rochtain acu air ón ngréasán bóithre áitiúil. Fágtar coisithe agus rothaithe a úsáideann an bealach gan chosaint ar rioscaí sábháilteachta mar gheall ar easnaimh an bhealaigh atá ann faoi láthair.
Áirítear leis an bhforbairt bóthair atá beartaithe oibreacha uasghrádaithe ailínithe ar an mbóthar/ar leataobh ón trácht 3.0 chiliméadar feadh an N17 atá ann faoi láthair lena n-áirítear 7 n-uasghrádú acomhail le bóithre áitiúla chun ceangal leis an ailíniú atá beartaithe. Áirítear leis sin soláthar cosán/rotharbhealach, feabhsúcháin ar línte radhairc ag acomhail agus soláthar soilsiú pobail. Tabharfaidh na hoibreacha seo aghaidh ar na heasnaimh atá leagtha amach thuas.
Soláthraíonn ailínithe cothrománacha agus ingearacha an bhóthair atá ann anois achar radhairc le haghaidh stad agus scoitheadh atá go hiomlán easnamhach do na huasteorainneacha luais atá ceadaithe ar chuid mhór den bhealach.
Is minic a bhíonn droch-chaighdeán ag baint leis na hacomhail idir na bóithre áitiúla agus an N17 atá ann faoi láthair i dtaca le leithead, leagan amach agus infheictheacht d’fheithiclí ar an mórbhóthar agus ar an mionbhóthar araon. Is cúis le fadhbanna sábháilteachta iad ardmhinicíocht acomhal bóthair agus pointí rochtana príobháideacha feadh codanna tuaithe den N17. Cuireann comhdhéanamh na tráchta atá i gceist, ina bhfuil meascán d’fheithiclí mall agus gasta, mar aon leis an trasghearradh atá faoi bhun an chaighdeáin go ginearálta, go mór leis na fadhbanna thuas.
Is é an bóthar N17 an phríomhshráid a théann trí Bhaile an Mhuilinn agus bíonn sé á úsáid ag thart 9,300 feithicil in aghaidh an lae, lena n-áirítear breis is 400 feithicil earraí troma. Mar thoradh air sin, bíonn réimse coimhlintí ann idir trácht a ghintear go háitiúil, tréthrácht náisiúnta, trácht coisithe agus trácht feithiclí. Meastar go mbeidh thart ar 680 feithicil bainte amach i leith líon na bhfeithiclí earraí troma faoi bhliain deartha 2039 agus go mbeidh thart ar 10,650 feithicil bainte amach i leith líon na bhfeithiclí éadroma.
Feadh an N17 atá ann faoi láthair tá ocht bpríomhacomhal comhréidh leis an ngréasán bóithre áitiúil, tá cúig díobh lonnaithe i suíomhanna faoin tuath agus tá na trí cinn atá fágtha suite laistigh den limistéar luasteorainn 80 ciliméadar/u. Tá go leor de na hacomhail seo faoi bhun an chaighdeáin i ndáil le hailíniú agus/nó geoiméadracht leagan amach.
Chomh maith leis na hacomhail ar bhóithre poiblí, tá seasca a ceathair (64) pointe rochtana ann, lena n-áirítear tithe agus rochtain ar pháirceanna talmhaíochta ar an N17 laistigh den limistéar staidéir. Is ionann gach ceann díobh seo agus guaise féideartha i ndáil le sábháilteacht ar bhóithre agus laghdaíonn siad go suntasach acmhainn an bhóthair atá ann faoi láthair.
Má chuirfear i bhfeidhm na forbartha bóthair atá beartaithe, laghdófar go suntasach líon na dtimpistí tráchta bóthair.
Cur síos Ginearálta ar an bhForbairt Bheartaithe
I measc na bpríomhghnéithe den fhorbairt bóthair atá beartaithe, tá an méid seo a leanas:
- 3.0 chiliméadar d’uasghrádú ar phríomhlíne;
- 1.20 chiliméadar de bhóthair feirme/ áitribh;
- 0.7 ciliméadar d’uasghrádú ar bhóthair áitiúla;
- Thart ar 3.8 chiliméadar de chosán/rotharbhealach;
- Fálú, Draenáil agus Oibreacha Tírdhreachta;
- Bearta Maolaithe Comhshaoil;
- Oibreacha Atreoraithe Fóntais agus Seirbhísí;
- Cuirfear soilsiú poiblí ar fáil feadh an chosáin/rotharbhealaigh atá beartaithe sa cheantar Uirbeach ón Siopa N17 i dtreo Bhaile an Mhuilinn ag ceangal leis an soilsiú poiblí atá ann cheana féin;
-
Oibreacha Cóiríochta; agus na hoibreacha coimhdeacha ar fad eile.
-