Cuardaigh

Bealaí sábháilte chun na scoile

Cuireann an clár bealaí sábháilte siúil agus rothaíochta do pháistí scoile chun cinn trí bhonneagar spriocdhírithe agus cláir oideachais a chur ar fáil.

Bealaí Sábháilte chun na Scoile

Forbraíodh an Clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile (BSCS) i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus Scoileanna Glasa in 2020 mar fhreagra ar an ngá atá ann tacaíocht a thabhairt do scoileanna chun líon na ndaltaí a shiúlann agus a théann ar rothar chun na scoile.   

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe freagrach as an mbonneagar a sheachadadh ar mhaithe leis an Scéim a chur ar fáil, tar éis iarratais rathúla ar mhaoiniú ó na scoileanna go díreach chuig an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI). Tugann an clár aghaidh ar shaincheisteanna a sainaithníodh i ngach ceann de na scoileanna le linn chur i bhfeidhm na scéime.

Cuspóir an Chláir BSCS:

  • Feabhas a chur ar shábháilteacht ag geata na scoile trí chóireálacha ‘os comhair na scoile’ a chur ar fáil chun plódú a mhaolú agus rochtain a fheabhsú;
  • Feabhas a chur ar bhealaí rochtana chuig an scoil trí bhonneagar siúil agus rothaíochta a fheabhsú; agus
  • Líon na ndaltaí a théann ar scútar/ar rothar chun na scoile a mhéadú trí líon na spásanna páirceála rothar a leathnú.

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig: BSCS