Cuardaigh

Sábháilteacht ar bhóithre agus oideachas

Eolas maidir le feachtais um shábháilteacht ar bhóithre, cláir scoile, agus feasacht tiománaithe.

Tá páirt ghníomhach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le cur chun cinn sábháilteachta ar bhóithre trí mheán an oideachais.  

Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifigeach um Shábháilteacht ar Bhóithre i gComhairle Chontae na Gaillimhe trí ghlaoch a chur ar (091) 509360 agus/nó trí ríomhphost a sheoladh chuig:  roads@galwaycoco.ie

Bunaíodh Comhchoiste um Shábháilteacht ar Bhóithre i gContae na Gaillimhe agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ón gComhairle Sábháilteachta Náisiúnta, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (an Limistéar Thiar), Gardaí, comhaltaí tofa agus baill foirne Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tagann an Coiste le chéile go rialta agus scrúdaíonn sé na roghanna atá ar fáil chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre do choisithe, tiománaithe agus úsáideoirí bóthair go ginearálta.  Reáchtáladh roinnt tionscadal agus tionscnamh sábháilteachta ar bhóithre i gContae na Gaillimhe go dtí seo.

Criosanna Muinchille / Éadaí Frithchaiteacha

Leanann Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur criosanna muinchille, greamáin fhrithchaiteacha agus bráisléid fhrithchaiteacha ar fáil saor in aisce do dhaoine den phobal, scoileanna agus grúpaí pobail, etc.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Oifigeach na Comhairle um Shábháilteacht ar Bhóithre trí ghlaoch a chur ar    (091) 509360 agus/nó trí ríomhphost a sheoladh chuig:  roads@galwaycoco.ie