Tagann an Rannán Mara faoi shainchúram na Stiúrthóireachta Bóithre agus Iompair. Tá 244 Cé, Cuan agus Caladh i gContae na Gaillimhe agus tá 88 díobh faoi chúram Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá imeallbhord 689 ciliméadar ar fhad i gContae na Gaillimhe.
Mórfhorbairtí Céanna agus Cuanta - Céanna Straitéiseacha
D’fhéadfadh aon cheann de na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- tógáil céanna nua
- síntí ar chéanna
- tógáil fánán
- soláthar bánna casta
- tógáil muirmhúrtha/cuanta foscúla
- dreidireacht
- feabhsúcháin eile ar chéanna
Céanna Beaga - Forbairtí agus Feabhsúcháin
- Clár cúig bliana a ullmhú maidir le céanna beaga a fhorbairt agus a fheabhsú.
- Clár Bliantúil Cothabhála a chur i bhfeidhm maidir le Céanna agus Cuanta agus Múrálacha Luaimh.
Cosaint an Chósta
Cur i bhfeidhm bearta chun dul i ngleic le creimeadh cósta agus cosc a chur air.
Fodhlíthe a ghlacadh chun na críocha seo a leanas:
- Trácht ag Cuanta a rialú
- Fodhlíthe Pléascán
Céanna agus Cuanta
Íoslódáil an nasc “google earth” chun aon cheann de na céanna, cuanta nó fánáin ar imeallbhord Chontae na Gaillimhe a aimsiú. Ansin cliceáil ar an deilbhín ábhartha chun eolas a fháil ar an gcé, ar an gcuan nó ar an bhfánán a roghnaigh tú. Mura bhfuil “google earth” agat, is féidir an feidhmchlár a íoslódáil anseo.
Múrálacha Luaimh agus Léarscáileanna Suímh
Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe 60 múráil luaimh ar fáil ag 8 suíomh thar imeallbhord an Chontae agus tá an Chomhairle freagrach as cothabháil a dhéanamh orthu. Tá na Múrálacha Luaimh ar fáil lena n-úsáid ag táille ainmniúil.
Fodhlíthe
Inis Oírr:
Cuan Chill Rónáin agus Cuan Chill Éinne:
Fodhlíthe Pléascán
Cé Aircín
Inis Mór
Cé Chasla
An Cloigeann agus Inis Bó Finne
Inis Meáin
Cé an tSrutháin
Inis Oírr