Cuardaigh

Scéim Faoisimh Tuile Dhún Coillín

Oibreacha faoisimh tuile atá beartaithe idir Creachmhaoil ​​agus Cill Cholgáin, lena n-áirítear leathnú agus doimhniú na habhann, agus uasghráduithe bonneagair chun riosca tuile a laghdú agus an tionchar comhshaoil ​​​​a íoslaghdú ag an am céanna.

Tá Abhainn Dhún Coillín agus Sruthán an Agaird mar chuid de Dhúiche Draenála Dhún Coillín a tógadh timpeall ar 1857 agus is ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe atá an fhreagracht reachtúil cothabháil a dhéanamh ar na hoibreacha seo. Rinneadh coimisiúnú in 2010 ar staidéar ar Abhainn Dhún Coillín agus ar Shruthán an Agaird (ó Chreachmhaoil go Cill Cholgáin) mar gheall ar thuilte a tharla sa cheantar i mí na Samhna 2009.

Tá Comhairle Chontae na Gailllimhe anois ag brú chun cinn le céim an dearaidh den Scéim Faoisimh Tuilte agus tá an Scéim curtha ar aghaidh do chead pleanála ón mBord Pleanála (ABP) de réir Alt 175 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú. 

Áirítear faoin scéim, obair faoisimh tuilte ar feadh phríomhchainéal Abhainn Dhún Coillín ó Chreachmhaoil go Cill Cholgáin (breis is 11 km) agus ar feadh Shruthán an Agaird a théann ó bhaile fearainn Chreig an Chláraigh (gar d’Ard Raithin) agus san áit a n-éalaíonn sí ag an gcumar d’Aibhneacha Dhún Coillín agus Chreachmhaoil (breis is 7.5km).

Tá bearta na scéime comhdhéanta d’obair leathnaithe ar an abhainn, obair dhoimhnithe, lintéir a uasghrádú agus a athsholáthar, an droichead a fheabhsú agus athsholáthar agus obair chothabhála ghinearálta ar an gcainéal. An aidhm atá leis an scéim ná an faoiseamh tuilte is mó agus is féidir a thabhairt lena laghad tionchar ar an timpeallacht agus ag an am céanna smacht a choinneáil ar an infheistíocht chaipitil fhoriomlán a bheidh de dhíth.