Áirítear leis na hoibreacha a dhéanann an Chomhairle faoina clár cothabhála bóithre, deisiúcháin pábhála, cóiriú dromchla, líneálacha bán a chur ar bhóithre, comharthaíocht bóthair, oibreacha draenála, bearradh féir agus ciumhaise feadh na mbealaí uile.
Braitheann an clár oibre in aon bhliain amháin ar an maoiniú atá ar fáil, i.e. ó Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) le haghaidh bóithre náisiúnta agus ón Roinn Iompair i gcás bóithre nach bóithre náisiúnta iad.