Céard is Rátaí Tráchtála ann?
Is táillí bunaithe ar mhaoin iad na Rátaí Tráchtála ar réadmhaoine tráchtála agus tionsclaíochta. Tá reachtaíocht rite ag údaráis áitiúla chun rátaí tráchtála a thobhach agus a bhailiú faoin Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile 2019, arna leasú le hAcht na hOidhreachta Stairiúla agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2023. Tháinig an reachtaíocht seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. Chun breathnú ar an reachtaíocht, tabhair cuairt ar www.irishstatutebook.ie
Téann an t-ioncam a ghintear ó bhailiú Rátaí Tráchtála chun íoc as costas laethúil na seirbhísí a sholáthraíonn an Chomhairle ar nós tithíocht, soilsiú poiblí, seirbhísí dóiteáin, Seirbhísí leabharlainne, forbairt eacnamaíoch áitiúil a chur chun cinn, bóithre, Caitheamh Aimsire, Conláiste, Comhshaoil agus seirbhísí pobail srl.