Cuardaigh

Cáin mhaoine áitiúil

<p>Cáin bhliantiúil is ea an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a ghearrtar ar luach margaidh maoine cónaithe áirithe</p>

Cáin bhliantiúil is ea an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a ghearrtar ar luach margaidh maoine cónaithe áirithe sa Stát. Tá na Coimisinéirí Ioncaim freagrach as an gCáin a bhailiú agus a riar.

An Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil

Féadfaidh údaráis áitiúla bunráta an CMÁ a athrú ar mhaoin chónaithe ina limistéar riaracháin. Tarlaíonn sé sin i ndiaidh tréimhse comhairliúcháin phoiblí. Is féidir bunrátaí an CMÁ a mhéadú faoi suas le 15% nó a laghdú faoi suas le 15%. Tugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil air seo. 

Achomhairc

CMÁ - alt 09-01 - Achomhairc maidir le CMÁ

Cá háit le hiarratas a dhéanamh

Na Coimisinéirí Ioncaim
An Brainse Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)
Bosca PO 1
Luimneach
Éire

Ríomhphost: lpt@revenue.ie
Guthán: +353 (0)1 7383626
Glao áitiúil: 1890 200 255
www.revenue.ie/en/tax/lpt/index.html