“Is gairm í an Obair Shóisialta atá bunaithe ar phrionsabail chearta an duine agus an cheartais shóisialta a oibríonn chun cumhacht a thabhairt do dhaoine aonair, grúpaí agus pobail barr a gcumais agus a bhfolláine a bhaint amach. Is é aidhm na hidirghabhála ná an caidreamh idir an duine aonair agus an timpeallacht shóisialta láithreach agus níos leithne. Cuirtear béim níos mó ar fhreastal ar riachtanais daoine aonair agus grúpaí leochaileacha agus imeallaithe.” (An Cód um Iompar Gairmiúil agus Eitic d’Oibrithe Sóisialta 2011)