Ráiteas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta do chomhionannas a chur chun cinn ina cuid gníomhaíochtaí go léir, lena n-áirítear a seirbhísí a sholáthar agus a foireann a fhostú. Leis an Acht um Fhaisnéis faoin mBearna Phá idir na hInscní, 2021, ceanglaítear ar eagraíochtaí a bhfuil níos mó ná 150 fostaí acu tuairisc a thabhairt ar a mbearna inscne.
Tá údaráis áitiúla ar thús cadhnaíochta maidir le seirbhísí a sholáthar dár saoránaigh. Is áit í Comhairle Chontae na Gaillimhe ina bhfuil na deiseanna céanna ag gach fostaí maidir le haitheantas agus forbairt gairme agus ina gcaitear go cóir agus go cothrom leo ag an obair.
Táimid tiomanta i gcónaí do na nithe seo a leanas:
- Aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar chomhionannas san ionad oibre
- Tacú leis an éagsúlacht
- Pobal oibre oscailte agus ionchuimsitheach a chruthú
Riachtanais Tuairiscithe
- Iarrtar ar eagraíochtaí dáta ‘spléachadh’ a roghnú i mí an Mheithimh.
- Is í an tréimhse thuairiscithe an tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta spléachaidh agus an dáta sin san áireamh.
- I gcás na n-údarás áitiúil, is é an 30 Meitheamh gach bliain an dáta spléachaidh.
- Tá sé mhí ag eagraíochtaí a gcuid ríomhanna a ullmhú sula ndéanann siad tuairisciú.
- Ní mór an fhaisnéis a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an fhostóra nó ar bhealach eile atá inrochtana do gach fostaí agus don phobal.
Tá gach duine atá fostaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe san áireamh.