Bronnadh an Brat Gorm clúiteach ar thrá i gConamara arís tar éis 12 bhliain
Máirt, 20 Beal 2025 11:04:00 BST
- Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimheroimh 8 mBrat Ghorma agus 6 Bhrat Ghlasa
Cuireadh borradh faoin bpobal áitiúil agus faoi earnáil na turasóireachta i gConamara nuair a bronnadh stádas an Bhrait Ghoirm ar thrá Chéibh an Spidéil arís, tar éis di é a chailleadh in 2013.
Rinneadh an fógra inniu (Dé hAoine, 16 Bealtaine) ag ócáid bhronnta Ghradaim Náisiúnta an Bhrait Ghoirm agus an Chósta Ghlais, óstáilte ag An Taisce ag Ravenport Resort i gCurrach Cló, Co. Loch Garman.
Tá an trá ar cheann d’ocht áit i gContae na Gaillimhe a bhfuil an Brat Gorm clúiteach bronnta orthu do 2025, agus aithníodh sé thrá eile le Gradaim an Chósta Ghlais.
Is siombail é an Brat Gorm a aithnítear go hidirnáisiúnta, a bhronntar ar láithreacha snámha atá ag teacht le caighdeáin ar leitha bhaineann lecáilíocht uisce, sábháilteacht, oideachascomhshaoil agus bainistíocht trá. In éineacht le Céibh an Spidéil, bronnadh Brait Ghorma ar an bPointe Fada ag Baile Locha Riach, ar láthair shnámha Phort Omna, Trá Inis Oírr, Trá an Dóilín (an Cheathrú Rua), an Trá Mhór (Indreabhán), Trá Chill Mhuirbhigh (Inis Oírr), agus ar Thráchta (Cinn Mhara).
Bronnadh Gradaim an Chósta Ghlais ar 6 thrá eile, a aithníonn uisce glan agus timpeallachtaí nádúrtha gan mhilleadh in áiteanna iargúlta nó ceantair bheagfhorbartha. Bronnadh Gradaim an Chósta Ghlais ar Thrá Inis Oírr agus Trá Pholl na gCaorach (Inis Oírr), an Ceann Thoir agus Dumhach (Inis Bó Finne), an Aill Bhreac (Baile Conaola) agus Trá Rinn Mhaoile (Crois na Tulaí).
“Tá clú agus cáil ar thránna Chontae na Gaillimhe as a dtimpeallacht ghlan, cáilíocht iontach an uisce agus an áilleacht nádúrtha, agus tá áthas orainn go bhfuil Gradaim an Bhrait Ghoirm agus an Chósta Ghlais, a bhfuil an-tóir orthu, bainte amach acu arís,” arsa an Comhairleoir Martina Kinane, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe. Dúirt sí freisin, “Léiriú ar obair chrua agus ar thiomantas gach duine a ghlanann ár dtránna is ea na gradaim seo. Tá an-áthas orm a fheiceáil gur bhain Trá Chéibh an Spidéil a Brat Gorm amach arís, éacht a gcuirfidh an pobal áitiúil an-fháilte roimhe.”
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Cuireann na gradaim seo in iúl dár saoránaigh agus do dhaoine ar fud an domhain go gur áit iontach í Contae na Gaillimhe le cónaí inti agus le cuairt a thabhairt uirthi, agus go bhfuil ár dtránna glan, bainistithe go maith, agus sábháilte chun taitneamh a bhaint astu. Táimid faoi chomaoin mhór ag an bhfoireann in Oifigí an Cheantair, Maoir an Phobail, agus na hoibrithe deonacha go léir agus grúpaí glanta na dtránna as a gcuid oibre crua uilig agus as a dtiomantas, agus iad ag cinntiú go gcoinnítear ár gcósta glan. Tá cuid de na tránna is fearr sa tír i nGaillimh agus tá sé ina ábhar bróid dúinn iad a chaomhnú.”
Dúirt Kieran Coyne, Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí, an Rannóg Comhshaoil, “Ba cheart an t-aitheantas cuí a thabhairt do chomhiarrachtaí fhoireann Chomhairle Chontae na Gaillimhe, na n-oibrithe deonacha, mhuintir na háite agus na ngnólachtaí as na gradaim seo a bhaint amach, iad siúd a bhí ag obair gan stad gan staonadh chun ár dtránna is ansa le cách agus is mó a bhfuil tóir orthu a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú. Is féidir le cuairteoirí ar thrá a bhfuil Brat Gorm ar crochadh ann a bheith cinnte gur trá glan, sábháilte é, agus go gcomhlíonann sé na caighdeáin chomhshaoil is airde, chomh maith le caighdeáin cháilíochta idirnáisiúnta an uisce snámha agus is féidir le cuairteoirí ar thrá a bhfuil Brat Glas ar crochadh ann a bheith cinnte go bhfuil an t-uisce ar ardchaighdeán.”
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le Angela Quinn, Oifigeach Gníomhach Riaracháin, an Rannóg Comhshaoil ag aquinn@galwaycoco.ie nó cuir glaoch ar 091 509559.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte