Nuacht & Ócáidí
- Naisc ábhartha eile
- Eolas Fúinn & Céard is Oidhreacht ann?
- Oidhreacht Ar-Líne
- Nuacht & Ócáidí
- Seandálaíocht & Oidhreacht Thógtha
- Oidhreacht Chultúir
- Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha
- Plean Oidhreachta & Fóram Oidhreachta
- Oidhreacht & Pobail
Bíonn réimse leathan ócáidí bunaithe ar an oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúir ar fud an chontae gach bliain. Is é aidhm na n-ócáidí seo ná feasacht agus eolas faoi ghnéithe éagsúla dár n-oidhreacht a mhéadú. Tarlaíonn go leor ócáidí le linn na Seachtaine Náisiúnta Bithéagsúlachta, na Seachtaine Oidhreachta, Sheachtain Náisiúnta na gCrann agus Oíche Chultúir, gan ach cuid acu a lua. Bíonn an Oifig Oidhreachta gníomhach ag spreagadh iad siúd a eagraíonn a leithéid d’ócáidí eolas a chur ar aghaidh le go bhféadfar é a dháileadh trína liosta seachadta, suíomh idirlín agus na meáin shóisialta.
Mar gheall gur chuid de straitéis na hOifige Oidhreachta é feasacht oidhreachta a mhéadú, bíonn an Oifig ag iarraidh eolas faoi ócáidí oidhreachta, foilseacháin, fionnachtana nua, acmhainní etc, a scaipeadh.
Tionscadal Bhailte Slachtmhara Fíorúla Chontae na Gaillimhe
Tá grúpaí Bailte Slachtmhara ar fud Chontae na Gaillimhe ag teacht le chéile go fíorúil fad atá siad ag fanacht slán sa bhaile ó Covid-19.
Coiste Bailte Slachtmhara Bhaile Liam a chur tús leis nuair a thosaigh siad grúpa Fíorúil Bailte Slachtmhara ar Facebook dá gceantar féin chun ardán a thabhairt do dhaoine a bhfuil ar bun acu a thaispeáint - is é sin nithe atá ar bun acu ina n-áit féin dá muintir, don phobal agus don timpeallacht agus chun oidhreacht áitiúil agus bithéagsúlacht a cheiliúradh.
Fad atá gach duine ag fanacht sa bhaile agus ag fanacht óna chéile, tá daoine fós ag déanamh nithe go leor mar ag bearradh gairdíní (cuimhnigh áiteanna a fhágáil gan bearradh do phailneoirí), ag cur bláthanna is maith leis na beacha sa ghairdín, ag beathú na n-éan, an dramhaíl a chosc, a scagadh agus a laghdú, múirín a dhéanamh srl. Tá Coiste Bailte Slachtmhara Bhaile Liam ag iarraidh ar dhaoine grianghraf nó cuntas dena bhfuil ar bun ag daoine a chur ar aghaidh le hiad a roinnt le daoine eile ar an mbaile agus leis an gceangal a choinneáil lena chéile.
Sa chás go mbeadh daoine amuigh ar shiúlóid ghearr gar don teach ach ag fanacht ó dhaoine ag an am céanna, d’fhéadfadh go bhfeicfeadh nó go gcloisfeadh siad nithe áille sa dúlra agus sa bhfiadhúlra - spideog b’fhéidir nó an draighean faoi bhláth, oidhreacht thógtha a mbeadh suim ann - tobar beannaithe, cloch mhíle nó reilig mar shampla. Smaoinigh ar ghrianghraf, dán, scéal nó pictiúr a sheoladh chuig leathanach Facebook do ghrúpa Bailte Slachtmhara áitiúil a d’fhéadfaí a roinnt le daoine eile.
Tá go leor grúpaí Bailte Slachtmhara gníomhach i gContae na Gaillimhe atá ag tacú leis an bpobal agus atá ag obair chun a mbaile nó a sráidbhaile a fheabhsú. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh orthu fanacht i gceangal lena chéile ach ag an am céanna a bheith slán sa bhaile agus treoir an HSE a leanúint.
Dúirt Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Jimmy McClearn “Tá duine ar bith in ann Grúpa Fíorúil Bailte Slachtmhara a bhunú dá gceantar féin nó fanacht ceangailte trí úsáid a bhaint as leathanach Bailte Slachtmhara atá ann cheana chun grianghraif dena bhfuil ar siúl acu ina gcuid gairdíní agus sa bhaile acu féin a chur suas fad atá siad ag fanacht slán sábháilte sa bhaile.”
Chun smaointe agus noda a fháil, féach leathanach Facebook Bailte Slachtmhara Fíorúla Chontae na Gaillimhe nó seol ríomhphost chuig Galwayvirtualtt@gmail.com.
Tionscadal Bhailte Slachtmhara Fíorúla Chontae na Gaillimhe
Galway BEO! Nasc a dhéanamh lenár nOidhreacht
Tá an oidhreacht le brath I ngach uile áit, sna seanfhoirgnimh agus reiligí, ar na sráideanna agus bóithríní faoin tuath, in aibhneacha agus le cósta, sna fálta sceach agus gairdíní atá thimpeall orainn agus leis na scéalta agus amhráin atá againn.
Seol grianghraf, líníocht, dán nó scéal chugainn chun cuidiú linn oidhreacht iontach chontae na Gaillimhe a cheiliúradh. Cuirfimid an oiread agus is féidir linn ar www.heritage.galwaycommunityheritage.org agus Galway Beo Facebook chun iad a roinnt leis an bpobal.
Seol d’ábhar féin ar aghaidh chuig Galwaybeo@gmail.com
Tionscnamh de chuid na hOifige Oidhreachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus pobail Chontae na Gaillimhe
Nasc:
https://heritage.galwaycommunityheritage.org/content/category/places/galway-beo-project agus Facebook Galway BEO
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte