Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
- Naisc ábhartha eile
- Forléargas
- Cúrsaí agus Acmhainní Ar Líne
- Leabharlanna Brainse
- An Leabharlann Taistil
- Stair Aitiúil Na Gaillimhe
- Closleabhair ar dlúthdiosca
- Taighde a Dhéanamh ar do Chraobh Ghinealaigh
- Chosaint Sonraí
- Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
Is féidir ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann trí bhualadh isteach chuig ceann dár gcuid leabharlann agus an fhoirm iarratais a chomhlánú. Beidh ort doiciméad aitheantais a mbeidh grianghraf air a chur ar fáil chomh maith le cruthúnas maidir le do sheoladh. Is féidir pas, ceadúnas tiomána nó cárta mic léinn a bheith ar dhoiciméad aitheantais. Is féidir bille a fuair tú le déanaí, litir a bhfuil do sheoladh air nó litir ó do thiarna talún a bheith mar chruthúnas ar do sheoladh.
Ballraíocht Ar Líne
Is féidir ballraíocht a ghlacadh ar líne.
Beidh tú ábalta ábhar a chur ar coimeád láithreach ach ní bheidh tú ábalta ábhar a fháil ar iasacht ná na saoráidí idirlín a úsáid nó go mbaileoidh tú do chárta leabharlainne. Féadfaidh tú do chárta leabharlainne a bhailiú ag craobh ar bith is mian leat. Beidh ort doiciméad aitheantais a mbeidh grianghraf air a chur ar fáil chomh maith le cruthúnas maidir le do sheoladh nuair a bheidh tú ag bailiú do chárta leabharlainne. Is féidir pas, ceadúnas tiomána nó cárta mic léinn a bheith ar dhoiciméad aitheantais. Is féidir bille a fuairt tú le déanaí, litir a bhfuil do sheoladh air nó litir ó do thiarna talún a bheith mar chruthúnas ar do sheoladh
Má tá tú faoi 18 mbliana d'aois, ní mór do do thuismitheoir nó caomhnóir d'fhoirm a shíniú ag tabhairt cead duit saoráidí na leabharlainne a úsáid. Ní mór an fhoirm seo a shíniú sa leabharlann féin
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte