COVID-19 - Eolas is Déanaí maidir lenár Seirbhísí
- Naisc ábhartha eile
- COVID-19 - Eolas is Déanaí maidir lenár Seirbhísí
- COVID-19 - Teagmhálaithe Seirbhísí
- Gnó
- Seirbhísí
- Teagmháil
- Mapa an Láithreáin
- Nuacht
07 Eanáir 2021
An tEolas is deireanaí maidir lenár Seirbhísí do Chustaiméirí
Srianta COVID 19 Leibhéal 5
Is mian le Comhairle Chontae na Gaillimhe a chur in iúl go bhfuil rochtain phoiblí ar ár n-oifigí teoranta anois, de réir Bhearta Covid-19, le seirbhís ar fáil trí choinne amháin i gcásanna eisceachtúla agus sa gcás nach féidir gnó riachtanach a dhéanamh ach go pearsanta.
Mar sholáthraithe seirbhísí riachtanacha, leanaimid orainn ag soláthar seirbhísí ar líne, ar an bhfón, ar r-phost agus sa bpost.
Láithreán Gréasáin: www.gaillimh.ieFón: 091-509000Ríomhphost: gaeilge@cocogaillimh.ie nó customerservices@galwaycoco.iePost: Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh H91 H6KX
Déan teagmháil leis an hionaid seirbhíse ábhartha mar a leanas:
Tithíocht 091 509300Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean 091 509203Pleanáil 091 509308Oifig Fiontair Áitiúil 091 509090Mótarcháin 091 509099 Mótarcháin - Béal Átha na Sluaighe 091 509075 Leabharlann 091 509388 Seirbhísí Eile 091 509000
Tá líne chabhrach Ghlao an Phobail dírithe den chuid is mó ar a chinntiú go mbeidh daoine leochaileacha sa phobal nó iadsan atá ina gcónaí leo féin ábalta teacht ar bhia, ar chógas agus ar bhreosla. An uimhir shaorghlao ná 1800 92 88 94, línte ar oscailt ón Luan go Domhnach 9am go 5pm agus is é an ríomhphost ná covidsupport@galwaycoco.ie
An ní is tábhachtaí is féidir linn go léir a dhéanamh mar phobal le linn tréimhse Paindéime, mar atá faoi láthair le Covid-19, ná gach réamhchúram agus comhairle a chuireann ár saineolaithe Sláinte Poiblí i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus sa Roinn Sláinte ar fáil, a ghlacadh go seasta.
Ní mór dúinn go léir ár gcuid a dhéanamh chun scaipeadh Covid-19 a chiorrú. Coinnigh daingean agus fan sa mbaile mura bhfuil sé riachtanach.
Is mór againn comhoibriú ár gcustaiméirí
Comhairle Chontae na Gaillimhe – Ag Obair ar do ShonNí neart go cur le chéile Féach ar theagmhálaithe ár seirbhísí le linn Phaindéim COVID-19 Comhairle Chontae na Gaillimhe,
An ní is tábhachtaí is féidir linn go léir a dhéanamh mar phobal le linn tréimhse Paindéime, mar atá faoi láthair le Covid-19, ná gach réamhchúram agus comhairle a chuireann ár saineolaithe Sláinte Poiblí i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus sa Roinn Sláinte ar fáil, a ghlacadh go seasta.
Is féidir teacht ar chomhairle na saineolaithe ar www.gov.ie/health-covid19 nó ar https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/coronavirus.html
Ar mhaithe le cuidiú scaipeadh an víris a chosc, meabhraítear don phobal comhairle na saineolaithe sláinte a leanúint i.e. nigh do lámha go minic agus i gceart, déan cinnte go leanann tú an deá-bhéasa a bhaineann le casacht, lean na treoirlínte maidir le Scaradh Sóisialta agus glac cur chuige nua maidir le do shlí mhaireachtála mar thoradh ar na srianta nua.
Tá bearta réamhghníomhacha glactha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun an baol ionfhabhtaithe a laghdú do dhaoine sa phobal agus d'fhoireann Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus leanúint de sheirbhísí poiblí riachtanacha a chur ar fáil.
******************************************************************
Ní mór oibriú le chéile chun na daoine is leochailí inár bpobail ar fud an Chontae agus ar fud na Tíre a chosaint.
Tá líne chabhrach tacaíochta pobail bunaithe i gComhairle Chontae na Gaillimhe chun cuidiú le daoine sa phobal atá i mbaol teacht ar chúnamh, cúnamh nach mbaineann le cúrsaí éigeandála ná leighis, agus ar chomhairle le linn na héigeandála sláinte poiblí atá ann faoi láthair. Tá an tseirbhís fóin a bheidh faoi rún bunaithe ag Fóram Freagartha Pobail Chomhairle Chontae na Gaillimhe i leith Covid-19 ina bhfuil breis is dhá eagraíocht agus ghníomhaireacht déag páirteach ann, agus príomhsholáthraithe seirbhíse ó ar fud an Chontae, lena n-áirítear Líonra Rannpháirtíochta Phoiblí Chontae na Gaillimhe.
Tá an líne chabhrach dírithe den chuid is mó ar a chinntiú go mbeidh daoine leochaileacha sa phobal nó iadsan atá ina gcónaí leo féin ábalta teacht ar bhia, ar chógas agus ar bhreosla. Níl sa líne fóin ach gné amháin d’obair an Fhóraim. An aidhm is mó atá leis cuidiú leis an dícheall ar fud an phobail scaipeadh Covid-19 a mhaolú agus go bhfuil freagra comhordaithe pobail ann, chun a chur ar chumas na ngníomhaireachtaí reachtúla deonacha uile comhoibriú chun tacú lenár bpobail agus go háirithe lenár mbaill is leochailí.
- An Uimhir Shaorghlao ná 1800-92-88-94.
- Línte ar oscailt ón Luan go Domhnach 9.00am go 5.00pm
- Ríomhphost: covidsupport@galwaycoco.ie
Glao an Phobail - Comhairle agus Eolas Teagmhála do do Chontae
Do thuilleadh eolais ar Fholláine Ghinearálta, tabhair cuairt ar www.gov.ie/together chun comhairle, leideanna agus tacaíochtaí a fháil. Agus tionchar fós ag COVID-19 orainn, deán cinnte teagmháil a choinneáil le daoine, gnáthamh a bhunú agus coinneáil gníomhach.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte