Comhairle Chontae na Gaillimhe
Inrochtaineacht Teagmháil GaeilgeEnglish
MenuSeirbhísí

Eolaire Seirbhísí

Pobal & Cultúr

Comhpháirtíocht Spóirt - An Leabharlann - Oifig Ealaíne - Áiseanna agus Taitneamhacht - Na Comhairleoirí - Oidhreacht - Soilsiú Poiblí - Seirbhísí Éigeandála

Timpeallacht & Uisce

Gearáin timpeallachta - Seirbhísí Uisce - An Tseirbhís Garda Tarrthála

Bóithre & Iompar

Mótarcháin - Tógáil Bóthair - Sábháilteacht Bóthair - Bainistíocht Tráchta

Pleanáil

Córas Fiosraithe Pleanála - Bainistíocht Forbartha - Forfheidhmiú Pleanála - Pleananna agus Polasaí Forbartha - Caomhnú Ailtireachta

Tithíocht

Deontais Tithíochta - dTithe Iasachtaí - Léasú go Fadtéarmach - RAS - Tithíocht dheonach

Tacaíochtaí Gnó & Airgeadais

Tacaíochtaí Gnó - Folúntais - WEEE - Ag Ordú agus ag Sonrascadh - Ordaithe Ceannaithe

Ar Cuairt

Failte go Gaillimhe - Tionscadal Glasbhealach Chonamara

Do Chomhairle

An Comh. Michael Connolly - Na Comhairleoirí - Eolas ar do Chomhairle - Faoi Chomhairle Chontae na Gaillimhe - Buiséid Bhliantúla - Cláir agus Miontuairiscí - Vótaíocht - Teagmháil 

Tuilleadh…

Tréidliachta - Airgeadais - Oidhreacht - Íocaíochtaí Ar Líne

  • Baile > Seirbhísí > Oifig Ealaíne > scannán > Scannán - Scéim ID Scannán

Scannán - Scéim ID Scannán

Scannán - Scéim ID Scannán

  • Naisc ábhartha eile
  • Scannán - Comhpháirtíocht Scannán na Gaillimhe
  • Scannán - cuil Le Scoileanna Squad
  • Scannán - Scéim ID Scannán
  • Scannán - Screenwest
  • Scannán - UNESCO

Gaillimh – Cathair Scannánaíochta UNESCO

Iarraidh ar Ghrúpaí chun páirt a ghlacadh i dTionscadal Scannán ID

 

 

Tá Gaillimh - Cathair Scannánaíochta ag iarraidh ar ghrúpaí pobail, sóisialta agus deonacha i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe páirt a ghlacadh i dtionscadal spreagúil a chumasóidh do phobail a scannán faisnéise féin a dhéanamh. Tá an Tionscadal Scannánaíochta ID seo ID Film Project á reáchtáil ag Ionad Scannán na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe.


Ó bhí an bhliain 2000 ann, tá Ionad Scannán na Gaillimhe tar éis comhoibriú le níos mó ná seachtó grúpa pobail chun rochtain a thabhairt do dhaoine ó raon leathan cúlraí ar an bhfíorphróiseas déanta scannán faisnéise. Déanfaidh Ionad Scannán na Gaillimhe an trealamh agus an cúltaca teicniúil go léir a sholáthar mar mhalairt ar am, ar dhíograis agus ar smaointe grúpaí pobail ar mian leo a scéal féin a thaifeadadh.


Is ceart do ghrúpaí ar mian leo páirt a ghlacadh sna tionscadail guth uathúil a bheith acu, a chuimsíonn nithe a bhaineann lena bpobal, lena dtraidisiún, lena meon, lena stíl mhaireachtála, lena dtuairimí agus lena gcultúr. Ní mór do na grúpaí a roghnaítear a bheith in ann méid suntasach ama a chur ar fáil le linn mhíonna an tsamhraidh ó Mheitheamh go Meán Fómhair. Tá an clár an-solúbtha, áfach, agus is féidir oiriúnú a dhéanamh i leith infhaighteacht na mball de ghrúpaí a roghnaítear.

 

Tá sé mar aidhm ag Tionscadail Scannánaíochta ID taifead a dhéanamh ar raon leathan saincheisteanna agus ábhar sóisialta trína chumhachtú do ghrúpaí a scéal féin a insint. Déantar sin trí bhunoiliúint agus taithí phraiticiúil a thabhairt do rannpháirtithe maidir le nithe a bhaineann le scríbhneoireacht, le stiúrthóireacht, le cúrsaí ceamara, le fuaim agus le heagarthóireacht. Inseoidh na grúpaí a scéal féin ansin ar bhonn chomhthéama na féiniúlachta. Tabharfaidh Ionad Scannán na Gaillimhe comhairle agus tacaíocht ghairmiúil don ghrúpa a roghnaítear ar fud phróiseas iomlán an léiriúcháin.

 

Déanfar roghnú na ngrúpaí do Thionscadal Scannánaíochta ID a chur i gcrích ar bhonn comórtais agus, dá bhrí sin, tá sé inmhianaithe teagmháil a dhéanamh le Ionad Scannán na Gaillimhe chun comhairle a fháil faoin bpróiseas iarratais.


Is é an dáta deiridh Dé hAoine, an 15 Bealtaine, agus is féidir foirm iarratais a iarraidh le ríomhphost ó info@galwayfilmcentre.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Ionad Scannán na Gaillimhe ag 091-770748.


Tá os cionn seachtó Tionscadal Scannánaíochta ID ar fáil ag www.galwayfilmcentre.ie/id-films

Aiseolas
Positive feedback Neutral feedback Negative feedback
  • Baile
  • Téarmaí & Coinníollacha
  • Ráiteas Inrochtaineacht
  • Sonraí Teagmhála
  • Príobháideacht
  • Mapa an Láithreáin
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Facebook

Faigh muid ar
Facebook

Twitter

Lean muid ar
Twitter

Féilire
Imeachtaí

Gaeilge

Gaeilge
agus Fáilte

Cóipcheart © Comhairle Chontae na Gaillimhe

Dún

Úsáid Fhianán ar www.gaillimh.ie

Ar mhaithe leis an eispéireas úsáide a fheabhsú duitse baineann gaillimh.ie úsáid as "fianáin" chun eolas a bhailiú mar gheall ar do thuras. Ní stóráiltear eolas pearsanta sa bhformáid seo. Ní luaitear ainm ar bith leis an eolas. Úsáidtear an t-eolas le haghaidh staidéir staitistiúil ar thrácht ár shuíomh ghréasáin agus dó sin amháin. Trí brabhsáil ar an suíomh gréasáin seo glacann tú leis go n-úsáidimid fianáin. Tá tuilleadh shonraí faoi fhianáin ar fáil inár ráiteas príobháideachais.