Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- Naisc ábhartha eile
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- CLÁR
- An Clár um Fheabhsú Phobail
- Imeacht Pobal Naisiunta
- An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2020
Déardaoin an 16ú Eanair 2020 ar 4.00 p.m. an spriocdháta
Tá iarratais ar mhaoiniú á lorg ó Ghrúpaí Pobail agus Deonacha “neamhbhrabúis” i dtreo ghníomhaíochtaí agus imeachtaí a bheidh chun leasa phobail áitiúla ar fud an chontae agus a thacóidh le forbairt inbhuanaithe eacnamaíochta, phobail agus chultúir.
Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Eacnamaíochta:
A. Féilte agus Imeachtaí Rannpháirtíochta
Is éard is aidhm leis an gcatagóir seo tacú le heagraíochtaí pobail neamhbhrabúis agus dheonacha raon éagsúil féilte agus imeachtaí rannpháirtíochta ardchaighdeáin, nuálacha agus uaillmhianacha a chur ar fáil a bheidh chun leasa sóisialta, cultúir, turasóireachta agus eacnamaíochta an chontae.
B. Tionscnaimh um Fhorbairt Eacnamaíochta
Is éard is aidhm leis an gcatagóir seo tacú le Grúpaí neamhbhrabúis agus le Grúpaí agus Gnónna Ionadaíochta/Comhlachais Thráchtála atá i mbun thionscnaimh áitiúla chun deiseanna gnó nó oibríochtaí nua a chruthú chun cur leis an eispéireas cuairteora agus miondíola.
Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Pobail:
A. Taitneamhachtaí agus Saoráidí Pobail
Is éard is aidhm leis an gcatagóir seo taitneamhachtaí agus áiteanna áineasa áitiúla a fhorbairt agus a fheabhsú, chomh maith le feabhsúcháin mhionscála a dhéanamh ar shaoráidí/fhoirgnimh ar leis an bpobal iad.
B. Bearta Uilechuimsitheachta Sóisialta
Is éard is aidhm leis an gcatagóir seo tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí pobail agus deonacha chun díriú ar ghníomhaíochtaí nó seirbhísí chun cabhrú le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste nó atá eisiata go sóisialta. D’fhéadfadh rannpháirtíocht in imeachtaí sóisialta, Imeachtaí Bealtaine, nó nuálaíochtaí Aois-Bhácha a bheith i gceist leis seo. Tabharfar tosaíocht do na cinn a mbeidh rannpháirtíocht ghníomhach dhaoine ó ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste nó eisiata, nó atá lonnaithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste ag baint leo.
Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Chultúir:
A. Deontais an Achta Ealaíon
Is éard is aidhm leis an gcatagóir seo cúnamh airgeadais a sholáthar do ghrúpaí/eagraíochtaí ealaíon deonacha chun gníomhaíocht nó tionscadal ealaíon (ní féilte) a chur ar bun sa phobal.
B. Deontais Oidhreachta
Is éard is aidhm leis an gcatagóir seo tacú le grúpaí/eagraíochtaí pobail agus oidhreachta deonacha tabhairt faoi ghníomhaíochtaí, imeachtaí agus tionscadail oidhreachta a bheidh chun leasa an phobail.
C. Gníomhaíochtaí chun an Ghaeilge a Chur Chun Cinn
Is éard is aidhm leis an gcatagóir seo Grúpaí agus Eagraíochtaí neamhbhrabúis a spreagadh chun gníomhaíochtaí, tionscadail, ceardlanna nó ranganna a eagrú a dhéanfaidh a) an líon daoine a bhfuil Gaeilge acu a mhéadú, b) deiseanna d’úsáid na Gaeilge a chruthú agus c) dearcadh dearfach i leith a húsáide a chothú.
Scéimeanna Tacaíochta Pobail – Treorlínte d’Iarratasóiri
Foirm Iarratais – Forbairt Eacnamaíochta
Foirm Iarratais – Forbairt Phobail
Foirm Iarratais – Chultúir
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte