CLÁR
- Naisc ábhartha eile
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- CLÁR
- An Clár um Fheabhsú Phobail
- Imeacht Pobal Naisiunta
- An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2020
CLÁR 2020
Clár infheistíochta spriocdhírithe do cheantair thuaithe é CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) a bhfuil sé mar aidhm leis maoiniú a chur ar fáil do thograí beaga infreastructúir i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste. Is é aidhm CLÁR tacú le forbairt inbhuanaithe cheantair shainaitheanta CLÁR le súil is daoine a mhealladh chun cónaí agus chun dul i mbun oibre iontu. Oibríonn an maoiniú i gcomhar le cláir mhaoiniúcháin áitiúla/Gníomhaireachta agus Ranna agus ar bhonn tosaíochtaí a shainaithnítear go háitiúil.
Leithdháileadh Maoinithe do 2020
Tá leithdháileadh de €5 mhilliún san iomlán ar fáil le haghaidh 2020 go náisiúnta, agus beidh na bearta seo a leanas á bhfeidhmiú trí Údaráis Áitiúla do réimse tograí Scoile agus Pobail.
Beart 1: Tacaíocht do Bhearta Sábháilteachta ag Scoileanna agus ag Áiseanna Pobail
Beart 2: Tacaíocht do Áiteanna Áineasa Pobail
Riachtanais Ginearálta:
1. Ba chóir d'iarratasóir a dheimhniú ar dtús go bhfuil a dtogra laistigh de cheantar atá aitheanta faoi Clár. Féach an léarscáil thíos, le do thoil, agus liosta D.E.D greamaithe leis.
2. Caithfidh aon limistéar áineasa pobail a bheith oscailte agus ar fáil le húsáid ag an bpobal i gcoitinne.
An Próiseas Iarratais:
Ní mór foirmeacha iarratais do Bhearta 1 & 2, agus iad comhlánaithe go hiomlán, a chur ar ais chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh Dé Luain, 13 Iúil 2020 ag Meán Oíche ar ríomhphoist chuig clar@galwaycoco.ie
Ba chóir aon cheist faoi Bheart 1 & 2 den scéim seo a sheoladh chuig an Údarás Áitiúil ag clar@galwaycoco.ie
Is é atá sa dáta deiridh chun glacadh le foirmeacha iarratais comhlánaithe ná Dé Luain, an 13 Iúil 2020 ag Meán Oíche
Tuilleadh eolais: Beart 2: Áiteanna Áineasa Pobail
I gcomhthéacs thionchar COVID-19 ar phobail, breithneofar faoi CLÁR 2020 tacaíocht d’fheabhas a chur ar Áiteanna Áineasa Pobail atá ann cheana féin agus/nó chun Áiteanna Áineasa Pobail inrochtana nua a fhorbairt, áit ar féidir le daoine bualadh le chéile taobh amuigh i spásanna pobail sábháilte.
Cineálacha Idirghabhála
Faoin mbeart seo, tacófar le hidirghabhálacha caipitil éagsúla ar an gcoinníoll go gcuireann siad le feabhas a chur ar Áiteanna Áineasa Pobail atá ann cheana féin agus/nó le hÁiteanna Áineasa Pobail inrochtana nua a fhorbairt, áit ar féidir le daoine bualadh le chéile taobh amuigh i spásanna pobail sábháilte. Tugtar léiriú sna samplaí thíos ar na cineálacha idirghabhála a d’fhéadfaí tacú leo, ach ní liosta críochnaitheach é:
• Suíocháin agus Binsí Picnice Clúdaithe
• Áiteanna Beárbaiciú Clúdaithe
• Leithris agus Boscaí Bruscair Poiblí
• Páirceáil do Charranna agus do Rothair
• Ceangal Leictreachais Faoin Spéir
• Scáileán Pictiúrlainne Faoin Spéir, Ardán Banna Ceoil, Amfaitéatar, Clár Dubh
• Scairdeán Uisce le hÓl Faoin Spéir
• Spás Ranga Aclaíochta
• Athchóiriú ar Chúirteanna Liathróid Láimhe
• Tírdhreachú agus Leathnú Conaire lena mbaineann
Ní mór achoimre shoiléir ar an ngá atá leis na hidirghabhálacha agus ar an réasúnaíocht atá leis na hidirghabhálacha atá curtha ar aghaidh a thabhairt ar an bhfoirm iarratais. Ní mór do gach tionscadal na prionsabail Ná Fág Do Lorg a thaispeáint agus daoine a spreagadh cloí leo. Féadfar costas na comharthaíochta iomchuí a chur san áireamh i gcostais fhoriomlána an tionscadail.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte