Dúnadh Sealadach Carrbhealaigh M17 M18 An Gort -Tuaim
Céad, 16 Noll 2020 13:52:00 GMT
Tugtar fógra leis seo maidir leis an dúnadh sealadach carrbhealaigh seo a leanas atá beartaithe a dhéanamh ar mhótarbhealach M17 M18 An Gort -Tuaim. Tá gá leis an dúnadh seo chun obair a éascú ar oíche Dé Céadaoin an 16 Nollaig agus ar oíche Déardaoin an 17 Nollaig.
Braitheann an obair seo ar an aimsir
Oíche 1 - Dé Céadaoin an 16 Nollaig 2020
(a) an M18 ag dul ó Thuaidh: - beidh Acomhal 16 An Gort agus Acomhal 17 Kilternan dúnta ón 20:00 go 06:00.
Beidh an Carrbhealach ó Thuaidh dúnta agus cuirfear trácht ar mhalairt slí via R458 an seanbhóthar via Ard Raithin agus ar aghaidh chuig Acomhal 17 Kiltiernan le trácht ar mhalairt slí ag leanúint ar aghaidh via an N67 Cill Cholgáin, Droichead an Chláirín ar aghaidh go hÓrán Mór / an M6 go hAcomhal M17 M18 ag Ráth Mhuirisín.
Beidh an mhalairt slí ar fad marcáilte agus beidh Teicneoirí ag an acomhal dúnta.
An M18 Ag dul ó Thuaidh - Idir Acomhal 16 agus Acomhal 18 - Bealach na MALAIRTE SLÍ.
Oíche 2 - Déardaoin an 17 Nollaig 2020
(b) Acomhal 20 ar an M17 - An Choill Mhór (Tuaim) - 20:00 go 06:00.
An Carrbhealach atá ag dul ó Dheas dúnta ag tús an mhótarbhealaigh @ Acomhal na Coille Móire (Tuaim). Dúnfar Acomhal 19 Cnoc an Eanaigh chomh maith. Beidh trácht ar mhalairt slí via an N83 go dtí Baile Chláir agus an R381 go hÓrán Mór, ag leanúint an M6 go hAcomhal an M17 M18 ag Ráth Mhuirisín.
Beidh an mhalairt slí ar fad marcáilte agus beidh Teicneoirí ag an dá Acomhal.
An M17 Ag dul ó Dheas - Idir Acomhal 20 agus Acomhal 18 - Bealach na MALAIRTE SLÍ.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte