Fodhlíthe Luasteorainneacha 2020 (Eastáit Tithíochta)
Déar, 26 Samh 2020 09:57:00 GMT
COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE
DRÉACHT-FHODHLÍTHE CHONTAE NA GAILLIMHE UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, LUASTEORAINNEACHA SPEISIALTA UIMH.1 – 2020 (CRIOSANNA MALLA in EASTÁIT TITHÍOCHTA)
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004 (Uimh. 44 de 2004), arna leasú agus ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe aici Fodhlíthe maidir le Luasteorainneacha Speisialta a dhéanamh i leith bóithre laistigh d’eastáit tithíochta áirithe, i limistéar riaracháin Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Beidh cóipeanna de Dhréacht-Fhodhlíthe Chontae na Gaillimhe um thrácht ar bhóithre, luasteorainneacha speisialta uimh.1 – 2020 (Criosanna malla in eastáit tithíochta), ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal le linn ghnáthuaireanta oifige ó dhata an fhógra seo, go dtí an 8 Eanáir 2021 (an lá seo san áireamh), ag an tAonad Infreastruchtúir & Oibríochtaí, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Is féidir cóipeanna den fhógra seo agus de na dréacht-fhodhlíthe a léamh nó a íoslódáil ó láithreán gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag www.galway.ie/ga/seirbhisi/boithre/13/5/.
Féadfar agóidí nó aighneachtaí i leith na bhfodhlíthe seo a dhéanamh i scríbhinn chuig an Stiúrthóir Seirbhísí, an tAonad Infreastruchtúir agus Oibríochtaí, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh nó ar ríomhphost chuig roads@galwaycoco.ie, tráth nach déanaí ná 4pm ar an 8 Eanáir 2021.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte