Ráiteas maidir le Stoirm Ellen
Céad, 19 Lún 2020 16:00:00 BST
Ráiteas – Comhairle Chontae na Gaillimhe
Stoirm Ellen – Rabhadh Aimsire Stádas Oráiste
Eisithe Dé Céadaoin 19 Lúnasa 2020
I bhfeidhm: 21:00 Dé Céadaoin 19/08/2020 go dtí 06:00 Déardaoin 20/08/2020
Tá rabhadh aimsire stádas oráiste do ghaoth eisithe ag Met Éireann do Ghaillimh ón 21.00 ar Dé Céadaoin 19 Lúnasa 2020 go dtí 06.00 ar Déardaoin 20 Lúnasa 2020.
Rachaidh Storm Ellen os cionn Éirinn tráthnóna inniu agus anocht, ag tabhairt gaotha troma dochracha léi. Beidh roinnt tuilte i gceist mar thoradh ar bháisteach throm agus borradh stoirme.
Tháinig Foireann Measúnaithe Drochaimsire Chomhairle Chontae na Gaillimhe le chéile ar maidin chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an stoirm a phlé.
Is ócáid aimsire neamhghnách í Stoirm Ellen don am seo den bhliain agus is í an phríomhtheachtaireacht ná go bhfanfaidh daoine sábháilte.
Le crainn faoi lán-duilleog, d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ar feadh an chósta, le gaotha damáisteacha, báisteach throm, agus tonnta móra. Mar thoradh ar ghaoth láidir thar tír, d’fhéadfaí tonnta arda, a d’fhéadfadh a bheith contúirteach, a fheiceáil ar lochanna chomh maith le cois cóstaí agus os cionn talún ard.
Tá baol ard ann do smionagar ag imeacht san aer, mar aon le crainn tite agus línte cumhachta tite. Iarrtar ar an bpobal a chinntiú go bhfuil troscán gairdín, boscaí bruscair agus nithe eile ina ngairdíní agus timpeall a n-áitribh daingnithe.
Moltar don phobal bealaí cósta a sheachaint, agus dul ar mhalairt slí nuair is féidir agus gan dul ag taisteal mura bhfuil gá leis. Níor chóir don phobal cuairt a thabhairt ar áiteanna le hais an chósta chun féachaint ar an stoirm mar meastar go bhfuil sé seo an-chontúirteach.
Moltar don phobal gan dul ag campáil mar thoradh ar an stoirm agus socruithe eile a dhéanamh le linn Stoirm Ellen.
Glac réamhchúraimí le bhur dtoil chun fanacht sábháilte. Meabhraítear don phobal teagmháil a dhéanamh le daoine scothaosta nó le comharsana leochaileacha agus cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do thurasóirí agus iad siúd atá ag baint taitnimh as saoire sa mbaile i gContae na Gaillimhe le linn Stoirm Ellen.
Leanfaidh Foireann Measúnaithe Drochaimsire Chomhairle Chontae na Gaillimhe orthu ag déanamh monatóireachta ar an aimsir, de réir mar a bhíonn sí ag athrú le linn na stoirme seo.
Lean na meáin náisiúnta agus áitiúla chun nuashonruithe leanúnacha a fháil, mar aon le leathanach Twitter na Comhairle, @GalwayCoCo agus nuashonruithe ó Met Éireann ag www.met.ie
Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae – uaireanta oifige (9am – 5pm) 091-509000
Uimhir theagmhála na Comhairle taobh amuigh de ghnáthuaireanta oifige ná 091-509069.
I gcásanna éigeandála, glaoigh ar na Seirbhísí Náisiúnta Éigeandála ar 999 nó 112.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte