Obair ar Bhóthar an N67 Baile an Doirín go Cinn Mhara
Déar, 26 Márta 2020 17:01:00 GMT
Obair ar Bhóthar an N67 Baile an Doirín go Cinn Mhara
Cuireadh tús leis an obair thógála ar Chéim 2 de scéim Athailínithe Bhóthar Bhaile an Doirín go Cinn Mhara i mí na Samhna 2019 agus meastar go leanfaidh an obair ar aghaidh ar feadh 72 sheachtain.
Tá conradh an tionscadail seo bronnta ar Fox Building & Engineering Ltd.
Áirítear leis an bhforbairt atá beartaithe obair fheabhsúcháin agus athailínithe ar líne/as líne ar feadh tuairim is 3.2km chomh maith le hobair chun an scéim nua sin a cheangal leis an mbóthar atá ann, T-acomhail agus lána do choisithe/rothaithe. Áirítear leis an obair chúnta an láthair a ghlanadh, obair chréafóige, fálú teorann, draenáil, obair freastail, fuíollábhar a dhiúscairt, marcanna bóthair agus comharthaíocht. Carrbhealach singil caighdeánach de Chineál 3 a bheidh sa bhóthar nua nuair a bheidh an obair críochnaithe.
Beidh bainistiú tráchta i bhfeidhm fad a bheidh an obair ar bun.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte