Fodhlíthe Luasteorainneacha 2019 (Eastáit Tithíochta)
Céad, 25 Márta 2020 15:38:00 GMT
COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE
FODHLÍTHE CHONTAE NA GAILLIMHE UM THRÁCHT AR BHÓITHRE (LUASTEORAINNEACHA SPEISIALTA)
UIMH.1 – 2019 (CRIOSANNA MALLA in EASTÁIT TITHÍOCHTA)
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004 (Uimh. 44 de 2004), arna leasú agus ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe fógra leis seo go bhfuil Fodhlíthe maidir le Luasteorainneacha Speisialta déanta i leith bóithre áirithe laistigh d’estáit áirithe tithíochta de limistéar riaracháin Chomhairle Chontae na Gaillimhe le héifeacht ón 31ú Márta 2020.
Tá cóip de na Fodhlíthe thuas, ar fáil lena n-iniúchadh, le linn ghnáthuaireanta oifige san Aonad Infreastruchtúir & Oibríochtaí, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh,
Is féidir cóip de na fodhlíthe a léamh nó a íoslódáil ar na láithreáin ghréasáin www.gaillimh.ie; agus www.speedlimits.ie freisin.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte