Obair ar Bhóthar an N59 An Teach Dóite - Bun an Choill
Luan, 09 Noll 2019 15:15:00 GMT
Cuirfear tús le hobair fheabhsúcháin ar bhóthar an N59 An Teach Dóite-Bun an Choill an 01-01-2020. Meastar go mairfidh an obair 70 seachtain.
Tá conradh an tionscadail seo bronnta ar Clare Civil Engineering Ltd.
Áirítear leis an bhforbairt atá beartaithe don N59, obair fheabhsúcháin agus athailínithe ar an mbóthar agus i leataobh ar feadh tuairim is 5.2km chomh maith le hobair chun an scéim nua sin a cheangal leis an mbóthar atá ann, acomhal céimnithe ag an Teach Dóite, 2 T-acomhal do bhóithre áitiúla agus roinnt T-acomhal do bhóithre rochtana, cabhsa atá ann cheana a leathnú, lintéar cabhsa a athsholáthar, lintéir a athsholáthar, ballaí coinneála agus talamh bog a thochailt agus a chur ar ais.
Áireofar leis an obair chúnta, leagan, glanadh suíomh, fálú teorann, malairt slí a chur i bhfeidhm ar sheirbhísí reatha, obair chréafóige, fuíollábhar a dhiúscairt, struchtúir, draenáil, stodaí bóthair, marcanna bóthair agus comharthaíocht.
Carrbhealach singil caighdeánach de Chineál 3 a bheidh sa bhóthar nua nuair a bheidh an obair críochnaithe. Cuimsítear sa trasghearradh atá beartaithe carrbhealach 7-8m, stráicí crua 0.5m agus ciumhaiseanna idir tuairim is 2m agus 3.3m.
Beidh bainistiú tráchta i bhfeidhm fad a bheidh an obair ar bun.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte