Nuashonrú is deireanaí maidir le Stoirm Lorenzo
Déar, 03 DFómh 2019 20:02:00 BST
Ráiteas – Comhairle Chontae na Gaillimhe
Foláireamh Aimsire – Stádas Oráiste
NUASHONRÚ - Eisithe Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 2019
I bhfeidhm ó Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 2019 18:00 go Dé hAoine 4 Deireadh Fómhair 2019 6:00
Chas Foireann Bainistithe Géarchéime Chomhairle Chontae na Gaillimhe le chéile níos luaithe chun staid na haimsire reatha a mheas. Tá na foláirimh aimsire nuashonruithe anois agus tá an foláireamh aimsire stádas oráiste do ghaoth fós i bhfeidhm do Ghaillimh. Meastar go mbeidh gaoth láidir stoirme ann, mar aon le gustaí le taoidí arda. Is mór an seans go mbeidh báisteach throm ann i gcaitheamh an tráthnóna agus anocht, mar aon le tuilte lena n-áirítear tuilte le hais an chósta agus tonnta arda, le suaill mhór farraige.
Tá an foláireamh aimsire stádas oráiste do ghaoth fós i bhfeidhm do Ghaillimh ó inniu 6pm go dtí amárach Dé hAoine 6am.
Is í an phríomhtheachtaireacht ná go bhfanfaidh daoine sábháilte i rith an imeachta aimsire seo. D'fhéadfadh sé a bheith an-chontúirteach agus caithfidh tiománaithe aire a thabhairt agus déanamh cinnte faire amach do rothaithe agus do choisithe. Bí airdeallach de smionagar ag imeacht san aer, crainn tite agus línte cumhachta tite. Iarrtar ar thiománaithe bealaí cósta a sheachaint, agus dul ar mhalairt slí nuair is féidir agus gan dul ag taisteal mura bhfuil gá leis.
Moltar don phobal gan cuairt a thabhairt ar áiteanna le hais an chósta chun féachaint ar an stoirm mar meastar go bhfuil sé seo an-chontúirteach.
Mar thoradh ar an bhfógra drochaimsire seo, moltar don phobal réamhchúraimí a ghlacadh chun fanacht sábháilte agus meabhraítear dóibh teagmháil a dhéanamh le daoine scothaosta nó le comharsana leochaileacha.
Lean na meáin náisiúnta agus áitiúla chun nuashonruithe leanúnacha a fháil, mar aon le leathanach Twitter na Comhairle, @GalwayCoCo agus nuashonruithe ó Met Éireann ag www.met.ie
Is í uimhir theagmhála na Comhairle taobh amuigh de ghnáthuaireanta oifige ná 091-509069.
I gcásanna éigeandála, glaoigh ar na Seirbhísí Éigeandála ar 999 nó 112.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte