Dréacht-Stráitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíoch do Réigiún an Tuaiscirt
Máirt, 15 Ean 2019 10:00:00 GMT
Tugtar fógra leis seo seo, de bhun alt 24(8) de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2018, go bhfuil sé beartaithe ag Tionól Réigiúnach an Iarthair agus an Tuaiscirt leasuithe ábhartha a dhéanamh ar an Dréacht-Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíochta 2019-2031 agus gur cinneadh gur gá tabhairt faoi Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil agus faoi Mheasúnacht Chuí i leith ceann de na Leasuithe Ábhartha Beartaithe nó níos mó.
Dá réir sin tá Tuarascáil Measúnaithe Comhshaoil ullmhaithe le dul leis an Tuarascáil Comhshaoil SEA; an Tuarascáil Mheastóireachta Réigiúnaí ar Bhaol Tuilte; agus an Tuarascáil Tionchair Natura a ullmhaíodh roimhe seo maidir leis an Dréachtstraitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíochta 2019-2031.
Tá cóip de na Leasuithe Ábhartha Beartaithe, an Cinneadh go bhfuil gá le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil agus Measúnachtaí Chuí chomh maith leis na Tuarascálacha Meaúnaithe Comhshaoil a luaitear thuas ar taispeáint anois go poiblí agus is féidir cóip a scrúdú le linn ghnáthuaireanta oifige ón 4 Lúnasa 2019 go dtí an 11 Deireadh Fómhair 2019 (na dátaí sin san áireamh) ag na háiteanna seo a leanas:
1. Oifig Thionól Réigiúnach an Iarthair agus an Tuaiscirt, an Chearnóg, Baile an Doirín, Co. Ros Comáin.
2. Ar fud ghréasán na nÚdarás Áitiúil laistigh den réigiún.
3. Ar láithreán gréasáin an NWRA ag www.nwra.ie
Is féidir aighneachtaí agus tuairimí i ndáil leis na hAthruithe Ábhartha beartaithe nó nuashonrú ar an Tuarascáil Comhshaoil nó Tuarascáil Tionchair Natura a dhéanamh idir an 4 Lúnasa agus 5pm an 11 Deireadh Fómhair 2019 (na dátaí sin san áireamh) ar cheann de na bealaí seo thíos:
Ar líne: www.nwra.ie/RSESMA
Ríomhphost: rsesma@nwra.ie
Post: ‘Aighneachtaí maidir le hAthrú Ábhartha ar RSES’, NWRA, An Chearnóg, Baile an Doirín, Co. Ros Comáin. F45 W674
Breithneoidh an Tionól Réigiúnach gach aighneacht agus tuairimí sula dtabharfar faoin Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta leis na leasuithe beartaithe ábhartha san áireamh nó gan iad a bheith san áireamh. Seolfar aitheantas i leith gach aighneachta ach bheadh sé dodhéanta freagra a sheoladh i leith gach ceann. Tabhair ar aird go bhféadfadh sé go ndéanfaí gach aighneacht a fhoilsiú ar ár láithreán gréasáin agus go mbeidh siad faoi réir na reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte