Fógra Athrú glactha (Uimh 1) den Forbartha Chontae na Gaillimhe Plean 2015-2021
Déar, 04 Beal 2017 17:20:00 BST
Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 13 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) go ndearna Comhairle Chontae na Gaillimhe, mar Údarás Pleanála do Chontae na Gaillimhe, Athrú (Uimh. 1) ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015-2021, ag a gcruinniú den Luan an 24ú Aibreán 2017, maidir leo seo a leanas:
1. Na bearta i Straitéis Iompair na Gaillimhe (GTS) a chuimsiú nuair is ábhartha i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015-2021;
2. Téacs, beartais agus cuspóirí áirithe atá i gCaibidil 2 agus i gCaibidil 5 de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015-2021 a leasú;
3. Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe a áireamh mar chuspóir i dTábla 5.1 (Cuspóirí Infreastruchtúir Iompair Tosaíochta 2015 – 2021) i gCaibidil 5 de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe;
4. “Léarscáil TI1 - Líonra Iompair Straitéiseach” i gCaibidil 5 de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015-2021 a leasú chun:
1. Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe atá beartaithe a léiriú ar an mapa intlise.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte