Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

EASPA DÍDINE

Maidir le daoine nach bhfuil lóistín ar fáil dóibh agus daoine a bhfuil cónaí orthu i mbrúnna oíche srl. de bharr nach bhfuil aon lóistín eile acu agus sin amháin, d’fhéadfadh an Chomhairle féachaint orthu mar dhaoine gan dídean i gcás nach bhfuil siad in ann lóistín a chur ar fáil óna n-acmhainní féin. D’fhéadfadh an Chomhairle aon cheann de na cineálacha lóistín seo a chur ar fáil, ag brath cibé an bhfuil gá agat le lóistín práinneach nó idirtréimhseach go fadtéarmach nó go gearrthéarmach:

Ba cheart do dhaoine gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean, glaoch a chur ar an Aonad Tithíochta ar 091-509300, nó glaoch a chur ar an gComhairle, le measúnú a dhéanamh ar an modh is fearr le cabhair a fháil maidir lena gcás áirithe.

D’fhéadfadh na teagmhálacha seo a leanas a bheith úsáideach do dhaoine a bhfuil lóistín uathu:

Cope – www.cope.ie

Is Carthanacht Ghaillmheach í Cope a chuireann 3 earnáil de sheirbhísí sóisialta ar fáil i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Áirítear orthu sin:

  1. Lóistín práinneach agus seirbhísí tacaíochta do dhaoine gan dídean
  2. Seirbhísí tearmainn agus for-rochtana do mhná agus do leanaí a mbíonn foréigean teaghlaigh ag dul dóibh
  3. Seirbhísí Tacaíochta do Sheanóirí, ar a n-áirítear Lónadóireacht Pobail agus ionad lae do dhaoine scothaosta

Threshold – www.threshold.ie

Is eagraíocht neamh bhrabúis é Threshold a bhfuil sé mar aidhm acu ceart tithíochta a fháil, go háirithe do líonta tí a mbíonn fadhbanna bochtanais agus eisiata acu. Tráthnónta Dé Céadaoin, cuirtear seirbhís um Lóistín a Lorg ar fáil dóibh siúd atá ag lorg lóistín príobháideach ar cíos. Is féidir coinne a dhéanamh don tseirbhís seo trí ghlaoch a chur ar 091 563080 nó trí bhualadh isteach go dtí an oifig ag Teach Augustine.

Cuan Mhuire – www.cuanmhuire.ie

Ritheann Cuan Mhuire ionad ag Coolarne, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Cuireann an t-ionad clár cuimsitheach, struchtúrtha, cónaithe atá bunaithe ar staonadh ar fáil do dhaoine a bhíonn tugtha don ól agus do cheimiceáin eile agus don chearrbhachas chomh maith.