Cosán an tSuímh...
BAINISTÍOCHT TÍ AGUS EASTÁIT
Tá 1,800 áitreabh faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar fud cheantair éagsúla an chontae. D’fhéadfadh na tithe sin a bheith suite in eastáit ar mhéideanna éagsúla i mbailte agus i sráidbhailte, nó d’fhéadfadh tithe aonair i gceantar tuaithe a bheith ann. Aithníonn an Chomhairle go bhfuil an dualgas cúraim uirthi áitíocht shíochánta a chur chun cinn inár n-áitribh go léir. Maidir leis sin, déanann an Chomhairle iarracht a ról mar Thiarna Talún a bhaint amach trína chinntiú go seasann tionóntaí leis an gComhaontú Tionóntachta a shíníonn siad agus trína chumhachtaí reachtúla a fheidhmiú chun dul i ngleic le haon chásanna d’Iompar Frithshóisialta.
Is é atá i gceist le Bainistíocht Eastáit go príomha ná eastáit údaráis áitiúil a dhéanamh níos fearr le maireachtáil iontu. Fostaíonn an Chomhairle 3 Oifigeach Idirchaidrimh Tithíochta (HLOanna) a dhéileálann lena gceantar áirithe féin den chontae, agus déanann siad raon seirbhísí;
- Comhairle do Thionóntaí ar na sonraí go léir faoin a dtionóntacht agus a mbainistíocht tí
- Forbairt ar Chumainn Áititheoirí
- Cabhrú le fadhbanna a d’fheadfadh tarlú in eastáit
- Gearáin faoi iompar frithshóisialta a fhiosrú
Spreagann agus éascaíonn an Chomhairle Cumainn Áititheoirí a chruthú, agus i gcás go dtuairiscítear fadhbanna in eastáit tríd an gCumann Áititheoirí nó ar shlí eile, úsáidfidh an Chomhairle gach bealach reachtúil atá ar fáil, agus cur chuige ilghníomhaireachta leis an Garda Síochána agus HSE, chun dul i ngleic le samplaí d’iompar frithshóisialta. Is féidir le haon duine nó grúpa gearáin maidir le hiompar thionóntaí na Comhairle a dhéanamh ar an bhfoirm oifigiúil gearán, ar féidir í a fháil trí ghlaoch a chur ar an Aonad Tithíochta ar 091 509300. Caithfear faoi rún le heachtraí a tuairiscítear agus déanfar iad a fhiosrú ar shlí chóir, neamhchlaonta agus oibiachtúil.
Tá sainchumhachtaí ag Údaráis Áitiúla agus Cumainn Áititheoirí in Éirinn aon duine a bhfuil baint acu le hiompar frithshóisialta a chur amach as áitreabh, i.e. bainteach le mangaireacht drugaí nó le aon iompar a d’fhéadfadh daoine a ghortú nó iad a chur i gcontúirt, díobháil a dhéanamh dóibh nó eagla a chur orthu. D’fhéadfadh foréigean, bagairtí, imeaglú nó ciapadh a bheith i gceist leis seo. Is féidir leis an gComhairle diúltú áitreabh a ligean ar cíos nó é a dhíol faoin scéim ceannaigh tionóntaí de bharr iompar frithshóisialta. D’fhéadfadh Boird Sláinte forlíonadh cíosa d’áitreabh príobháideach ar cíos a dhiúltú nó a tharraingt siar i gcás go raibh an duine i gceist caite amach as tithíocht údaráis áitiúil, nó eisiata nó go raibh sé/sí bainte uaidh de bharr iompar frithshóisialta.