Cosán an tSuímh...

Tithe le díol i mBaile Atha an Rí, Contae na Gaillimhe. Seoladh: Páirc na hAbhann, Baile Atha an Rí
Fógraítear ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil 62 tithe le díol i mBaile Atha an Rí faoin scéim AHI.AN SCÉIM TITHÍOCHT INACMHAINNE
Cad is Tithíocht Inacmhainne ann?
Is cuid d’Achtanna um Phleanáil agus Forbairt 2000 & 2002 í an Scéim Thithíochta Inacmhainne. Éilíonn na hAchtanna sin ar Fhorbróirí/Tógálaithe atá ag déanamh iarratas ar thalamh atá crioslaithe d’fhorbairtí cónaitheacha/measctha líonta tithe a chur ar fáil faoin Scéim Thithíochta Inacmhainne. Díoltar iad sin ar lascaine le hárasáin agus le tithe eile sa bhforbairt. Leagann Comhairle Chontae na Gaillimhe Scéimeanna Tithíochta Inacmhainne amach freisin, atá soláthraithe go hiomlán ag an Rialtas agus ag an údarás áitiúil.
Is teach é an teach inacmhainne ar féidir leat é a cheannach ar lascaine ar phraghas an mhargaidh. Braitheann an praghas ar an gceantar gur mian leat cónaí ann agus ar chineál agus ar mhéid na dtithe inacmhainne atá ar fáil. Is féidir leat cónaí i do theach inacmhainne chomh fada is atá tú ag iarraidh. Má dhíolann tú é taobh istigh de 20 bliain, caithfidh tú céatadán den phraghas díolacháin a íoc ar ais leis an gComhairle.
An bhfuil mise incháilithe?
I gcás lion tí le hioncam singil ní féidir leis an ioncam a bheith níos mó ná €40,000 sa bhliain cánach roimhe sin.
Méadaigh an t-ioncam comhlán (roimh cháin) faoin bpríomh ioncam (is mó) na bliana cánach roimhe sin faoi 2.5 agus cuir leis ioncam comhlán an fhoshaothraí (is lú) sa bhliain cánach roimhe sin.
I gcás lion tí ar dhá ioncam, ní féidir leis an ioncam a bheith níos mó ná €100,000 sa bhliain cánach roimhe sin- Tá iarratasóirí a bhfuil tithíocht ón gComhairle Áitiúil ceadaithe dóibh agus tionóntaí agus ceannaitheoirí tionóntachta áiteanna cónaitheacha an Údaráis Áitiúil agus tionóntaí atá ar an Scéim Fordheontais Cíosa agus atá ag tabhairt a gcuid áiteanna cónaitheacha ar ais, díolmhaithe ón tástáil ioncaim thuas.
Ní mór don Chomhairle a bheith sásta go bhfuil ar chumas an iarratasóra na haisíocaíochtaí morgáiste a dhéanamh agus critéir ábhartha eile a shásamh.
Conas a dhéanaim iarratas?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bhFoirm Iarratais ar Thithíocht Inacmhainne a chomhlánú agus a sheoladh isteach. Déanfaidh an Chomhairle measúnú ar d’iarratas lena fháil amach an bhfuil tú cáilithe do theach inacmhainne. Iarrfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ort freastal ar chruinniú chun d’iarratas a phlé níos mine. Seolfar litir chugat maidir le torthaí d’iarratais/do chruinnithe.