Cosán an tSuímh...
Tionscnaimh in Aghaidh an Bhruscair agus an Ghraifítí 2012
Tá deontas faighte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil chun tionscnaimh áitiúla eolais agus feasachta in aghaidh an bhruscair agus ghrafítí don phobal a chómhaoiniú.
Fáilteofar roimh an bpobal, idir dhaoine aonair agus ghrúpaí, tionscadail oiriúnacha in aghaidh an bhruscair agus/nó ghraifítí a mholadh chun maoiniú a fháil. Tá nóta treorach maidir leis an scéim deontas ar fáil anseo.
Beidh caighdeán ard ag na tionscadail/gníomhaíochtaí sin a n-éireoidh leo agus beidh sé mar aidhm sárchleachtas a bhunú nó a chleachtadh chun:
- Feasacht agus oideachas níos fearr maidir le bruscar agus le graifítí a chur chun cinn i measc an phobail
- Díriú ar thionscnaimh dheonacha de chuid an phobail agus/nó de chuid grúpaí comhshaoil agus díriú ar scoileanna agus ar dhaoine óga a bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht in aghaidh an bhruscair agus/nó ghrafítí
- Gnólachtaí a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh/i gcomhpháirtíochtaí in aghaidh an bhruscair agus/nó ghraifítí
Beidh suas le 70% den chostas foriomlán i gceist leis an uasdeontas a fhéadfar a leithroinnt ar thionscadail agus íocfar as an gcuid eile den chostas trí bhailiúchán áitiúil.
Is é Dé Máirt an 3ú Iúil 2012 an dáta deiridh a nglacfar le tograí chuig Rannóg Timpeallachta, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Nóta ar Tionscnaimh in Aghaidh an Bhruscair agus an Ghraifítí 2012
Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Rannóg Timpeallachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe ar 091-476402.
(Arna leasú ag an Acht um Chaomhnú Comhshaoil, 2003)
Tá cumhachtaí agus dualgais nua tughta ag an Acht um Thrualliú ó Bhruscar 1997 d’Údaráis Áitiúla chun tabhairt faoin bhfadhb a bhaineann le diúscairt bruscair agus diúscairt mhídhleathach. Tugann an Acht cumhacht do Maoir Pobail agus do na Gardaí chun fíneáil ar an láthair a eisiúint do chionta éagsúla lena n-áirítear cionta a bhaineann le madraí. Beidh sé de dhualgas ar an t’é a bhfaightear a ainm agus seoladh i measc an bhruscair a rinneadh a dhiúscairt go mídhleathach a chruthú nach bhfuil siad freagrach don bhruscar. Caithfidh an tÚdarás Áitiúil Plean Bainistíochta Bruscair a ullmhú ar feidhm fhorchoimeádta é agus ghlac an Comhairle Chontae le plean i 2007.
ACHOMHARC IN AGHAIDH FÍNEÁIL BHRUSCAIR A GHEARRADH
(pdf, 104 kbs, Last Updated: Aoine, 22 Iúil 2011 10:25:00 BST)
