Galway County Council

Environment GA

Cosán an tSuímh...

Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach

Is í aidhm an Treoir maidir le DTLL ná an méid DTLL a dhéantar a dhiúscairt i líonta talún a laghdú agus an éifeacht dhíobhálach a bhíonn ag DTLL ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a laghdú agus í ag iarraidh bailiúchán nádúrtha a chaomhnú.Cuimsíonn TLL (EEE) aon cheo le cadhnra nó plocóid, mar shampla: fearais mhóra tí, tóstaeir & citil leictreacha, steiréó, raidió agus seinnteoirí iniompartha, teilifís iniompartha & cian rialtán, uirlisí chumhachta, seinnteoirí téipe/dvd, consóil & cluichí, monatóir ríomhaire, clódóirí agus CPUanna (déan cinnte nach bhfanann aon eolas pearsanta ar an diosca crua), micreathonnta, feadáin fluaraiseach & bolgán CFL amháin, gaothrán leictreach, gutháin, fóin póca, lampaí, cloig, brathadóir deataigh, teirmiméadar leictreonach, áireamháin, triomadóir gruaige, bréagáin, gabhálais peataí.

Eolas do Thomahltóirí: De réir na Rialacháin DTLL 2005, féadfaidh tomhaltóirí DTLL a thabhairt ar ais chuig Miondíoltóirí laistigh de 15 lá nuair a cheannaíonn siad trealamh nua ar bhonn ceann ar cheann. 

  • Tá sé mar oibleagáid ar mhiondíoltóirí DTLL a bhailiú laistigh de 15 lá nuair a sheachadtar ábhar nua, más rud go bhfuil sé bainte den phríomhlíonra, nach baol sláinte ná sábháilteachta atá ann agus go bhfuil sé ar fáil go héasca le bailiú. 
  • Caithfidh miondíoltóirí fógra 24 uair an chloig a thabhairt roimh DTLL a bhailiú. 
  • Chun tuilleadh eolas a fháil maidir le Tomhaltóirí & DTLL déan teagmháil le WEEE Ireland .
  • Féadfaidh an pobal i gcoitinne a gcuid táirgí DTLL a thabhairt chuig Ionaid Taithneamhactaí Pobail saor in aisce le hathchúrsáil.

Eolas do Mhiondíoltóirí:

  • Caithfidh miondíoltóirí trealamh leictreach agus leictreonach aon áitreabh atá acu i gContae na Gaillimhe a chlárú le Comhairle Chontae na Gaillimhe de réir na Rialacháin DTLL. (N.B.: Caithfidh miondíoltóirí i gCathair na Gaillimhe clárú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe
  • Caithfear clárú gach bliain. 
  • Caithfidh miondíoltóirí a chláraigh roimhe seo clárú arís roimh 31 Eanáir gach bliain. 
  • Is féidir ionchúiseamh a chur i do leith má theipeann ort clárú. 
  • Is féidir foirmeacha cláraithe agus ath-chláraithe a íoslódáil thíos. 
  • Chun tuilleadh eolas a fháil maidir le Miondíoltóirí agus DTLL déan teagmháil le WEEE Ireland .

 

 



Foirm Iarratais um Chlárú Miondioltóiri Den Chéad Uair
(.doc, 85 kbs, Last Updated: )