Galway County Council

Environment GA

Cosán an tSuímh...

RIALÚ BAILITHEOIRÍ & IONAID DRAMHAÍOLA

Ceadanna Dramhaíola | Ceadanna do Bhailitheoirí Dramhaíola

3.4.1 CEADANNA DRAMHAÍOLA

De réir alt 39 den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 caithfidh ceadúnas dramhaíola a bheith faighte ón nGíomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) do ghníomhaíochtaí dramhaíola. Tá roinnt gníomhaíochtaí díolmhaithe agus nach mbíonn ach cead dramhaíola ag teastáil ón Údarás Áitiúil. I measc na ngíomhaíochtaí a mbíonn cead uathu tá, ionaid athchúrsála agus bhailithe, ionaid baint as a chéile feithicil agus ionaid diúscartha ina dtógtar suas le 5,000 tona in aghaidh na bliana (gan dramhaíl ghuaiseach ná líonta talún a chur san áireamh). Go ginearálta is ar scála níos lú a bhíonn na gníomhaíochtaí seo gan mórán baol don timpeallacht.

Córas oscailte agus trédhearcach é an córas do cheadanna dramhaíola in Éirinn. Tá an t-iarratas agus aon eolas a bhaineann leis ar fáil lena iniúchadh in oifigí an Rannóg Timpeallachta. Tá sé de cheart ag aon duine iarratas i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an iarratas. Caithfidh 21 lá a bheith caite ó fhaigheann Comhairle Chontae na Gaillimhe an t-iarratas nó eolas a bhí iarrtha roimh cead a thabhairt nó a dhiúltú.

Ní féidir le Comhairle Chontae na Gaillimhe cead a thabhairt ach amháin más rud:

1. Nach ndéanfaidh an ghníomhaíocht truailliú don timpeallacht
2. Nach sáraíonn astuithe na caighdeáin ábhartha nó na luach-teorainneacha d’astuithe
3. Go mbaintear úsáid as an teicneolaíocht is fearr ar bheagán costas.

Procedure for Waste Permit Application

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le John Frawley, Executive Engineer (091) 476479 or environment@galwaycoco.ie

Tá foirmeacha iarratais agus Bileoga Eolais do Chead Dramhaíola ar fáil ó Rannóg Timpeallachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Caithfear na nithe a leanas a chur ar fáil chun iarratas a dhéanamh:

Seicliosta do Chead Dramhaíola

1.Foirm iarratais comhlánaithe (3 copies)

2.Cóip den bhfógra nuachtáin (3 copies)

3.Cóip den bhfógra láithreáin (3 copies)

4.Plean láithreáin a léiríonn cá bhfuil an fógra láithreáin, na pointí astuithe agus samplála (3 copies)

5.Léarscáil de shuíomh an láithreáin (3 copies)

6.Táille iarratais de €254

3.4.2 CEADANNA DO BHAILITHEOIRÍ DRAMHAÍOLA

An aidhm atá leis an gcóras Ceadanna do Bhailitheoirí Dramhaíola ná srianta i leith bailiú dramhaíola tráchtála, chun dea-bhainistíocht dramhaíola a chinntiú agus ardchaighdeán caomhnú na timpeallachta a chur ar fáil. De réir na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailithe), 2001 caithfidh beagnach gach bailitheoir dramhaíola iarratas a dhéanamh ar chead bailithe dramhaíola. (Tá roinnt gníomhaíochtaí bailithe díolmhaithe ón riachtanas ar cheadanna a cheadú, os rud go bhfuil siad á rialú ag reachtaíocht eile).

Is Comhairle Chontae Mhaigh Eo an t-údarás ainmnithe do Limistéar Chonnachta agus tá an comhairle ag déileáil le riarachán na rialacháin thar ceann an sé Údarás Dramhaíola i gConnacht (Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae Liatroma, Comhairle Chontae Ros Comáin, Comhairle Chontae Shligigh agus Comhairle Contae Mhaigh Eo).

Caithfidh iarrthóirí fógra a chur sna nuachtáin áitiúil ag cur in iúl go bhfuil sé i gceist acu iarratas a dhéanamh. Is féidir le duine ar bith iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo laistigh de 6 seachtain d’iarratas a bheith déanta. Is féidir eolas a fháil i leith ceadanna do bhailitheoirí dramhaíola ó oifigí an Rannóg Timpeallachta nó ar http://www.connaughtwaste.ie

Tá an Comhairle eolach ar bhailitheoirí neamhdhleathacha a bhíonn ag cur seirbhísí ar fáil trí fógraí a fhógairt sna nuachtáin agus trí fógráin. Is minic go ndéantar an dramhaíl a fhágáil i ngnáthóga íogair agus thábhachtacha comhshaoil agus i líonta talún neamhdhleathacha.

Is coir atá ann do dhaoine den phobal dramhaíl a thabhairt do bhailitheoirí nach bhfuil Cead do Bhailitheoirí Dramhaíola acu. Tá Uimhir Cheada do Bhailitheoir Dramhaíola ag gach bailitheoir dramhaíola bailí. Is féidir an uimhir seo a scrúdú ar www.connaughtwaste.ie nó trí teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Timpeallachta ag (091) 509302.

Más rud go bhfuil tú ag baint úsáid as seirbhísí Bailitheoir Dramhaíola Príobháideach, déan cinnte go bhfuil Cead do Bhailitheoirí Dramhaíola bailí acu.


Déantar cur síos ar thruailliú na timpeallachta, maidir le dramhaíl, san Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, mar coinneáil, iompar, bailiú nó diúscairt dramhaíola ar shlí a d’fhéadfadh, go suaitheantasach, sláinte an duine a chur i mbaol nó dochar a dhéanamh don timpeallacht, agus go háirithe -

a. contúirt a bheith ann d’uiscí, don atmaisféar, talamh, ithir, plandaí nó ainmhithe
b. núis a chruthú trí torann, boladh nó bruascar, nó
c. go ndéanfaí dochar don tuath nó áiteanna ar díol spéise iad.