Cosán an tSuímh...
RIALÚ AGUS LAGHDÚ NA LÁITHREÁN TRÉIGTHE
Tá sé de dhualgas ar an gComhairle Clár do Láithreáin Tréigthe a chur le chéile agus a choinneáil. Féadfaidh an Comhairle, laistigh de limistéir atá ainmnithe mar thalamh uirbeach de réir Acht na Láithreán Tréigthe, luacháil a dhéanamh ar láithreáin tréigthe agus ar muirir a thobhach bunaithe ar chéatadán den margadhluach mar aon le Fógraí a sheirbheáil chun tabhairt faoi oibreacha. Más gá, is féidir láithréain a cheannach trí Ordú Ceannaigh Éigeantaigh. Déantar gach tuairisc i leith dearóiliú a fhiosrú agus más féidir úinéireacht a dhéanamh amach. Déantar Fógra a sheirbheáil chun tabhairt faoi oibreacha, chun an dearóiliú a laghdú.