Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

Forum300


EOLAS FÚINN

Ár misean…..
“Guth láidir don earnáil pobail agus deonach a fhorbairt, a spreagfaidh rannpháirtíocht níos mó sna próisis ina ndéantar cinnithe poiblí agus a mhéadóidh cumas na ngrúpaí áitiúla, taithí agus eolas a roinnt chun polasaithe sonraithe agus cláir bunaithe ar riachtanais sonracha na bpobail áitiúla.

Ár n-aidhm…
Struchtúr fhoirmeálta a sholáthar trína mbeidh éisteacht le fáil ag guth na ngrúpaí pobail agus deonacha i bpróiséis déanta cinnithe ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta.

Chun cur i gcrích éifeachtach ár n-aidhmeanna a chinntiú, tacaíonn muid le:

Cur chuige le struchtúr ceart do fhorbairt pobail.Fóraim ceantair áitiúla a sholáthar trína féidir le grúpaí rannpháirteacha eolas agus taithí a roinnt eatarthu.Rannpháirtíocht iomlán a spreagadh ón earnáil pobail agus deonach in iomláine.Polasaithe ghinearálta a chur le chéile ar ábhair a théann i bhfeidhm ar an earnáil pobail agus deonach ar fud an Chontae. Eolas a thabhairt in am tráth do ghrúpaí pobail maidir le deontais srl.Tacú le grúpaí pobail agus deonacha trí oifigí pobail áitiúla.Feasacht poiblí ar ghníomhaíochtaí Fhóram Pobail agus Deonach Chontae na Gaillimhe a chur chun cinn. Measúnú a dhéanamh ar obair Fhóram Pobail agus Deonach Chontae na Gaillimhe ar bhonn rialta.

Cén chaoi a n-eagraítear Fóram Pobail agus Deonach Chontae na Gaillimhe?

Tá Contae na Gaillimhe roinnte i sé cheantar sonrach ar a dtugtar Fóram Ceantar Áitiúil a thoghann triúr chuig coiste lárnach do FPCG ar a dtugtar Coiste an Chontae.  Toghtar na h-ainmnithe óna grúpaí atá cláraithe ina gceantar. Beidh oifigí pobail ag FPCG chun freastal ar riachtanaisí na ngrúpaí pobail agus deonach sna ceantair éagsúla.

forum map

BÍ CINNTE DOD VÓTA AGUS CLÁRAIGH INNIU!

Conas a oibríonn an Fóram?

IS OBAIR DHÍOGRAISEACH AGUS THORRTHACH Í AN OBAIR PHOBAIL,

TUGANN PÁIRTÍOCHT SA BHFÓRAM CEANTAR ÁITIÚIL BORRADH, ARDÚ CROÍ AGUS MEANMAN DÚINN.

Conas a oibríonn an Fóram?

IS OBAIR DHÍOGRAISEACH AGUS THORRTHACH Í AN OBAIR PHOBAIL,

TUGANN PÁIRTÍOCHT SA BHFÓRAM CEANTAR ÁITIÚIL BORRADH, ARDÚ CROÍ AGUS MEANMAN DÚINN.


AG OBAIR LE CHÉILE LE POBAIL A LÁIDRIÚ