Cosán an tSuímh...
Iniúchadh ar Áiseanna Pobail, Spóirt agus Ealaíon
Ceistneoir um Iniúchadh ar Áiseanna Ealaíon
Ceistneoir um Iniúchadh ar Áiseanna Pobail
Ceistneoir um Iniúchadh ar Áiseanna Spóirt
Beidh Comhairle Contae na Gaillimhe, i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasoireachta ag tabhairt faoi iniúchadh ar áiseanna Pobail, Spóirt agus Ealaíon i gContae na Gaillimh sna seachtainí amach romhainn. Is é cuspóir an iniúchta sonraí a fháil faoi gach áis, ó thaobh uimhir, saghas agus riachtanais na n-áiseanna uile. Tá sé seo mar chuid d’Iniúchadh Náisiúnta agus is obair an-tábhachtach í.
Tá ceistneoirí á scaipeadh thart ar áiseanna Pobail, Spóirt agus Ealaíon i gContae na Gaillimhe lena líonadh isteach. Más rud é nach bhfuair d’áis ceistneoir, íoslódáil an ceann is oiriúnaí thuas.
Má tá ceisteanna ar bith agat i dtaca leis an gceistneoir nó más maith leat ceisteanna ar bith a shoiléiriú, níl le déanamh ach dul i dteagmháil le Humphrey Murphy ar (086) 2659276 nó ríomhphost a sheoladh chuig humphrey@ilc.ie.
Iarrtar ort do cheistneoir a sheoladh ar ais roimh an 3 Deireadh Fómhair 2008 le:
Humphrey Murphy,
f/ch Pobail, Fiontair agus Forbartha Eacnamaíochta ,
Comhairle Chontae na Gaillimhe,
Cnoc na Radharc,
Gaillimh.
Cuirfear na ceistneoirí a sheolfar ar ais i gcrannchur do dearbhán dod’ áis.