Cosán an tSuímh...
MÍCHUMAS AGUS RÓL AN ÚDARÁIS ÁITIÚIL
An tAcht Náisiúnta um Míchumas 2005
Is beart um ghníomh dearfach é an tAcht Náisiúnta um Míchumas 2005, trína soláthraítear bonn reachtúil do sheirbhísí poiblí inrochtaine. In Altanna 26, 27 agus 28 den Acht cuirtear de chúram ar chomhlachtaí poiblí a seirbhísí agus a bhfaisnéis a bheith inrochtaine do dhaoine atá faoi mhíchumas. Faoin Acht Náisiúnta um Míchumas 2005, ní mór d'Údaráis Áitiúla machnamh a dhéanamh maidir le cén tionchar a bhíonn ag na seirbhísí a chuireann siad ar fáil ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ní mór dóibh tionchar na seirbhísí sin a mheasúnú in aghaidh:
- Rochtain ar Sheirbhísí Cáilíochta do Chustaiméirí;
- Rochtain ar an Timpeallacht Tógtha;
- Rochtain ar sheirbhísí a sheachadtar trí Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide.
Cé a bhainfidh tairbhe as na forálacha sin?
Leagadh amach an tAcht seo um Míchumas chun rochtain ar sheirbhísí poiblí a fheabhsú do dhaoine atá faoi mhíchumas. Sainmhínítear an téarma míchumas chun críocha ailt 26, 27 agus 28 den Acht in alt 2 den Acht, i.e.: "in relation to a person, means a substantial restriction in the capacity of the person to carry on a profession, business or occupation in the State or to participate in social or cultural life in the State by reason of an enduring physical, sensory, mental health or intellectual impairment".
Cad iad na seirbhísí a chlúdaítear?
Baineann an cód le seirbhís a thagann laistigh den sainmhíniú a thugtar ar sheirbhísí in alt 2 den Acht. Dá bhrí sin, clúdaítear raon leathan seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil agus tá seirbhísí agus saoráidí san áireamh ann, seirbhísí agus saoráidí atá ar fáil don phobal i gcoitinne nó atá ar fáil do daoine faoi leith sa phobal. Áirítear leis sin-
- aon áit nó aon taitneamhacht atá faoi úinéireacht ag comhlacht poiblí nó a ndéanann comhlacht poiblí é a bhainistiú nó a rialú;
- faisnéis, acmhainn faisnéise, scéim, liúntas nó aon sochar eile a riarann comhlacht poiblí, a chur ar fáil,
- aon seirbhísí cultúir nó oidhreachta a chuireann comhlacht den sórt sin ar fáil, agus
- aon seirbhís a chuireann cúirt nó binse eile ar fáil.
I gCuid 3 den Acht um Míchumas 2005, cuirtear dualgais shuntasacha ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a bheith inrochtaine do dhaoine atá faoi mhíchumas, eadhon:
- Éilítear ar chomhlachtaí poiblí faoi alt 26, a chinntiú, más indéanta agus cuí é, go bhfuil a gcuid seirbhísí inrochtaine do dhaoine atá faoi mhíchumas trí rochtain lánpháirtithe a chur ar fáil. Ciallaíonn sé sin a chinntiú, a mhéid is indéanta é, go mbeidh daoine atá faoi mhíchumas in ann teacht ar sheirbhísí poiblí chomh maith le saoránaigh eile.
- Éilítear ar chomhlachtaí poiblí faoi alt 27, a chinntiú go mbíonn na hearraí nó na seirbhísí a cheannaíonn siad inrochtaine ach amháin mura mbeadh sé indéanta ná inchosanta ar fhorais chostais ná go mbeadh moill mhíréasúnach ann dá bharr sin.
- Faoi alt 28, ní mór, a mhéid is indéanta é, do chomhlacht poiblí cumarsáid le duine le lagú éisteachta nó amhairc, tar éis dó iarratas a dhéanamh, a chur ar fáil i bhformáid inrochtaine. Ní mór d'fhaisnéis, a mhéid is indéanta, a bheith i gcomhréir le teicneolaíocht oiriúnaitheach. Ní mór faisnéis a fhoilsítear agus a bhíonn ábhartha do dhaoine atá faoi mhíchumas intleachtúil a chur ar fáil i bhformáidí a bhíonn éasca le léamh.
Sracphlean Earnála
Caithfidh gach údarás áitiúil plean cur i bhfeidhm a ullmhú a chomhlíonfaidh Sracphlean Earnála na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil. Tá an méid seo a leanas san áireamh ar phríomhghnéithe an tSracphlean Earnála:
- Leagtar amach cuspóirí agus treoirlínte náisiúnta maidir le rochtain ar fhoirgnimh phoiblí, ar spás poiblí agus ar sheirbhísí faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil agus a bhíonn á n-oibriú acu.
- Tugtar imlíne ar an gcód tógála (an tAcht um Rialú Foirgníochta, Rialacháin Tógála agus Cáipéis Treorach Teicniúil M) a mhéid is a bheidh tionchar aige ar dhaoine atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear bearta forfheidhmithe agus nós imeachta gearán
- Leagtar amach cuspóirí agus treoirlínte náisiúnta maidir le rochtain ar láithreáin oidhreachta, lena n-áirítear séadchomharthaí náisiúnta, páirceanna náisiúnta agus anaclanna dúlra, a fheabhsú.
- Rachaidh údaráis áitiúla i mbun iniúchtaí inrochtaineachta ar a gcuid foirgneamh, saoráidí, seirbhísí, faisnéise agus ullmhófar pleananna cur i bhfeidhm chun iad sin a dhéanamh chomh lánrochtaine agus is féidir laistigh de theorainneacha ama.
- Socróidh údaráis áitiúla oiliúint feasachta míchumais d'oifigigh pearsanra, d'oifigigh um rialú foirgníochta, d'innealtóirí, d'oifigigh rochtana, d'oifigigh idirchaidrimh míchumais agus do chomhaltaí eile foirne in údaráis áitiúla a bhíonn freagrach as an Acht um Míchumas agus an Sracphlean a chur i bhfeidhm.
- I ngach údarás áitiúil, déanfar monatóireacht ar fheidhmiú an phlean cur i ngníomh agus cuirfear chun cinn é agus déanfar monatóireacht ar chomhlíonadh an phlean cur i ngníomh leis an Sracphlean.
San áireamh le príomhghnéithe eile an tSracphlean tá an riachtanas dul i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus iad i mbun a gcuid iniúchtaí inrochtaineachta agus i mbun a gcuid pleananna cur i bhfeidhm a ndréachtú. Bhunaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe Grúpa Comhairleach Míchumais chun na críche sin.
Plean Cur i bhFeidhm
Tá Plean Cur i bhFeidhm do Chomhairle Chontae na Gaillimhe deanta ina dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna seo a leanas:
- Inrochtaineacht na Timpeallachta Tógtha
- Rochtain ar fhaisnéis agus soláthar faisnéise
- Teicneolaíocht Faisnéise & Cumarsáide
- Fostaíocht
- Cúram Custaiméirí agus Gearáin
- Oiliúint & Feasacht
- Comhlíonadh agus Tuairisciú
- Polasaí agus Fáil
Plean Cur i bhfeim
(.doc, 2,659 kbs, Last Updated: )