Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA NÁISIÚNTA IN AGHAIDH NA BOCHTAINE AGUS EISIAIMH SHÓISIALTA

Ní freagairt Rialtais amháin ar an dúshlán a bhaineann le bochtaine agus eisiamh sóisialta a chomhrac a léirítear leis an dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta seo (NAPs/incl.), ach freagairt shochaíoch. Tá an Plean mar thoradh ar dhianchomhchomhairle leathan leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an earnáil phoiblí agus dheonach agus le go leor páirtithe leasmhara eile.
http://www.taoiseach.gov.ie/index.asp


Is cuid de mhórobair an AE chun an cuspóir AE a leag an Chomhairle Eorpach síos i Lispóin sa bhliain 2000, le tionchar cinntitheach a imirt ar deireadh a chur le bochtaine agus le heisiamh sóisialta faoin mbliain 2010, a chomhlíonadh é an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta in aghaidh na Bochtaine agus Eisiaimh Shóisialta. Níl mórán de dhifríocht idir é agus Ag Tógáil Sochaí Uilechuimsitheach.

Leag na Comhairlí Eorpacha sa Liospóin agus in Feira sa bhliain 2000 amach an sprioc straitéiseach Aontas na hEorpa a bheith mar an gheilleagar eolasbhunaithe is iomaíche agus is dinimiciúla ar domhan, geilleagar a bheadh ábalta fás eacnamaíoch a choinneáil agus ina mbeadh níos mó post ann, poist níos fearr agus comhtháthú sóisialta níos mó ann, faoin mbiain 2010. Is cuspóir lárnach é, a comhaontaíodh i Liospóin freisin, tionchar cinntitheach a imirt ar deireadh a chur le bochtaine agus eisiamh sóisialta maidir leis an sprioc sin a bhaint amach. Ag eascairt as sin, dréachtaíodh na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta in aghaidh na Bochtaine agus Eisiaimh Shóisialta (NAPs/incl.) ina leagtar amach na straitéisí, na bearta sainiúla agus na socruithe forasacha ag an leibhéal náisiúnta chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach cuspóirí agus imlíne choiteann don chéad NAPs/incl. (a cuireadh isteach i Meitheamh na bliana 2001) i Nice sa bhliain 2000. Rinneadh é seo a athdhearbhú agus a neartú i gCóbanhávan sa bhliain 2002 chun críocha an dara babhta de NAPs/incl. 

http://www.taoiseach.gov.ie/index.