Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

AN PLEAN FORBARTHA NÁISIÚNTA (NDP)

Is plean é an Plean Forbartha Náisiúnta (NDP) a dhéanfar a leathadh amach in imeacht seacht mbliana. Tríd an bplean sin, leagfar amach príomhthosaíochtaí eacnamaíocha na tíre laistigh de chreat buiséadach do thréimhse seacht mbliana. Seoladh an Plean Forbartha Náisiúnta deiridh sa bhliain 2000 agus leis an bplean, táthar ag iarraidh fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chinntiú trí bhearta éagsúla. Is iad seo a leanas cuspóirí sainiúla a leagtar amach sa phlean:    

Soláthraítear iomlán de EUR 19 billiún sa Phlean Forbartha Náisiúnta go sainiúil chun Uilechuimsitheacht Shóisialta a chur chun cinn. Tá na réimsí seo a leanas san áireamh i réimsí infheistíochta:

Is é an cuspóir leis sin, go n-osclófaí fostaíocht do gach earnáil sa tsochaí le gníomhú in aghaidh bochtaine agus eisiamh sóisialta. San NDP, aithnítear freisin nach beart leordhóthanach é timpeallacht eacnamaíoch atá ceart go foriomlán maidir le cruthú poist le bochtaine a mhaolú i roinnt ceantar ná i measc roinnt grúpaí. Foráiltear d'idirghabhálacha spriocdhírithe, sna Cláir Feidhmiúcháin Réigiúnacha go príomha, chun déileáil leis na fadhbanna sin.    

(www.ndp.ie)

An Clár um Rathúnas & Cothroime:

Tugadh tiomantas sa bhliain 2000, sa Chlár um Rathúnas & Cothroime (PPF) aonaid uilechuimsitheachta sóisialta a phíolótú i roinnt údarás áitiúil trasna na tíre. Leis an tiomantas sin, aithníodh ról na n-údarás áitiúil i bpróiseas na huilechuimsitheachta sóisialta. Leis an tiomantas sin freisin, tugadh aitheantas go síneann ról na n-údarás áitiúil maidir le dul i ngleic le bochtaine agus eisiamh thar na gnáthréimsí mar thithíocht agus go bhfuil sé, i ndáiríre, ar fud an réimse corparáidigh.    

Is sraith de chúig 'chreat feidhmiúcháin' é struchtúr an Chláir um Rathúnas agus Cothroime, a chlúdaíonn:

Tá liosta an-fhorleathan de bhearta a réimsíonn raon leathan saincheisteanna sa Chlár - saincheisteanna mar thithíocht, iompar poiblí, polasaí tionscail agus forbairt thuaithe chomh maith leis na príomhábhair imní do cheardchumainn arb ionann iad agus pá, cánachas agus uilechuimsitheacht shóisialta. Cé gurb ionann go leor de na bearta sin agus tiomantais chun dul i mbun gníomhartha sainiúla, ba chóir a thabhairt ar aird go bhforáiltear sa Chlár, maidir le roinnt saincheisteanna, do pháirtithe oibre a chruthú (ina mbeadh na comhaltaí ag déanamh ionadaíochta ar na comhpháirtithe sóisialta), páirtithe a thabharfaidh moltaí polasaí chun cinn i rith saolré an Chláir. Ciallaíonn sé sin nach ionann an comhaontú nua agus deireadh a chur leis an bplé, is ionann é agus creat le haghaidh caibidlíochta breise (agus dul chun cinn samhlaithe) idir na comhpháirtithe sóisialta maidir le roinnt saincheisteanna.

Uilechuimsitheacht Shóisialta

Tá raon bearta uileachuimsitheachta sóisialta agus comhionannais i bhfad níos mó sa Chlár na mar a bhí in aon cheann go dtí seo. Bhí na cláir roimhe seo dírithe go mór ar shaincheisteanna eacnamaíocha mar iomaíochas agus fás. Ba chóir, leis na bearta nua, go ndéanfaí dul chun cinn beag maidir le caighdeán maireachtála na ndaoine a fhaigheann cúnamh leasa shóisialaigh, na ndaoine atá dífhostaithe agus na ngrúpaí eile daoine atá faoi mhíbhuntáiste, a fheabhsú. 
Sa Chlár, léirítear urfhuascailt mhór don 'cholún sóisialta', a bhfuil raon grúpaí pobail agus deonacha san áireamh ann, grúpaí lena raibh an Chomhdháil ag tacú go gníomhach le linn na caibidlíochta. Tá 'clásal formhéadaíochta' san áireamh sa Chlár chomh maith,  agus leis an gclásal sin, moltar go ndéanfaí aon acmhainní breise a bhíonn ann mar thoradh ar fhás eacnamaíoch níos fearr ná mar a tuaradh a shruthú isteach i bpríomhchuspóirí an Chláir, lena n-áirítear uilechuimsitheacht shóisialta. Tá na nithe seo a leanas i measc an raon leathan bearta 'uilechuimsitheachta sóisialta' atá sa Chlár: 

Is nasc é seo a leanas chuig tuarascáil ar an dul chun cinn go dtí 2002 faoin gClár um Rathúnas agus Cothroime. http://www.taoiseach.gov.ie/index.asp?locID=353&docID=967