Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

TUAIRISC AN TASCFHÓRSA UM LÁNPHÁIRTIÚ RIALTAIS ÁITIÚIL AGUS FORBARTHA ÁITIÚIL

Thug an rialtas gealltanas sa bhliain 1998, maidir le hollchlár don rialtas áitiúil a athnuachan. Ba é a bhí mar aidhm leis an gclár ná comhordú ag an leibhéal áitiúil a mhéadú. Bunaíodh Tascfhórsa mar chuid den Chlár chun samhail do lánpháirtiú na gcóras rialtais áitiúil agus forbartha áitiúil a leagan amach. Chinn an Rialtas, sa chomhthéacs sin,  go mbainfeadh Ranna Rialtais leas as seo amach as deiseanna ina dteagmháil leis an AE polasaí an Rialtais gluaiseacht i dtreo creata i bhfad níos lánpháirtithe ag an leibhéal áitiúil i ndiaidh 1999 agus go ndéanfar grúpaí straitéise contae a athchumrú tar éis thuarascáil an Tascfhórsa a fháil. 

Mhol an Tascfhórsa, bunaithe ar an mbreithniú a rinneadh ar an stádas faoi láthair, go ngluaisfí i dtreo córais níos lánphairtithe trí shraith céimeanna. Bheadh treoir ón leibhéal lárnach mar thacaíocht ag an bpróiseas agus theastaigh athchoigeartuithe eagraíochtúla chun forluí feidhmeach agus réimsí a íoslaghdú.  

( http://www.cdb.ie/taskforce.htm)

Lean bunú na mBord Forbartha Contae/Cathrach ar fud na tíre as moltaí an Tascfhórsa. Bhunaigh an Rialtas iad chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le lánpháirtiú seirbhísí áitiúla ag leibhéal an chontae agus na cathrach. Léiríonn na Boird sin cur chuige nua i bhforbairt áitiúil a eagrú agus i bpróiseas na cinnteoirechta ag leibhéal an chontae.