Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

STRAITÉIS UILECHUIMSITHEACHTA SÓISIALTA DO CHOMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE

Tá sé mar aidhm go bhforbrófaí Straitéis Uilechuimsitheachta Sóisialta do Chomhairle Chontae na Gaillimhe lena mbunófar modhanna oibre nua ag gach leibhéal sa chomhairle le go laghdófar eisiamh sóisialta sa chontae. Leis an Straitéis Uilechuimsitheachta Sóisialta, lorgófar go mbeidh tionchar ag an straitéis ar pholasaí agus ar an seachadadh seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an Údarás Áitiúil ar fud an chontae.

Ar deireadh, sa Straitéis Uilechuimsitheachta Sóisialta, léireofar tiomantas na comhairle maidir lena chinntiú go gcumfar a pleananna, a polasaithe agus a cuspóirí i gcomhthéacs ina dtabharfar aghaidh ar eisiamh sóisialta ar shlí fhorghníomhach agus lánpháirtithe. Le hábharthacht agus tionchar a chinntiú, bunófar an Straitéis ar a chinntiú go mbeidh 'smaointeoireacht' na huilechuimsitheachta sóisialta mar chuid d'obair gach duine agus gur síneadh soiléir a bheidh sa smaointeoireacht sin ar ról gach duine. Táthar ag súil, le Straitéis Uilechuimsitheachta Sóisialta a thabhairt isteach, go mbainfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, na pobail agus na daoine aonair a bhfreastalaítear orthu tríd an gComhairle, leas as ar go leor bealaí, lena n-áirítear:

Is é atá mar aidhm le hUilechuimsitheacht Shóisialta an caighdeán saoil a fheabhsú do shaoránaigh na Gaillimhe go léir le seirbhís níos sofhreagraí agus níos uilechuimsithí trína n-aithneofar agus trína dtacófar le pobail ról gníomhach a bheith acu sa tsochaí.

Téamaí a aithnítear sa Straitéis Uilechuimsitheacht Sóisialta

ARDÚ FEASACHTA MAIDIR LE hUILECHUIMSITHEACHT SHÓISIALTA

Beifear ag obair i gComhairle Chontae na Gaillimhe le cur chuige dearfach agus forgníomhach a bhaint amach san fhoireann chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna uilechuimsitheachta sóisialta trí leibhéal feasachta níos fearr a chruthú maidir le freagracht aonair agus eagraíochtúil. 

INROCHTAINEACHT SHEIRBHÍSÍ NA COMHAIRLE

I gComhairle Chontae na Gaillimhe, déanfar dícheall inrochtaineacht ar raon iomlán na seirbhísí a mhéadú trí thuiscint agus feasacht níos fearr a bheith ar riachtanais a custaiméirí.

COMHIONANNAS AGUS ÉAGSÚLACHT SAN ÁIT OIBRE

I gComhairle Chontae na Gaillimhe, déanfar iarracht go gcinnteofar go mbeidh teachtaireacht shoiléir maidir le comhionannas ina polasaithe agus nósanna imeachta trí prionsabail na héagsúlachta in earcaíocht agus i roghnú a neartú agus trí cultúr agus éiteas  a chur chun cinn ina n-aithneofar éagsúlacht san áit oibre agus ina ndéanfar é sin a cheiliúradh.

PLEANÁIL AGUS MAOINIÚ CORPARÁIDEACH

I gComhairle Chontae na Gaillimhe, déanfar iarracht pleanáil uilechuimsitheachta sóisialta a ionchorprú agus a seirbhísí á leagan amach agus á seachadadh. Déanfar iarracht cuspóirí uilechuimsitheachta sóisialta a chur san áireamh i ráitis pholasaí  agus straitéise na comhairle. Déanfar iarracht freisin i gComhairle Chontae na Gaillimhe a chinntiú go ndéanfar acmhainní agus maoiniú leordhóthanach a leithdháileadh ar chláir, seirbhísí agus ar thionscnaimh uilechuimsitheachta sóisialta ar bhonn bliantúil.

RANNPHÁIRTÍOCHT AN PHOBAIL, CAIPITEAL SÓISIALTA AGUS RIALACHAS ÁITIÚIL A FHEABHSÚ

I gComhairle Chontae na Gaillimhe, déanfar iarracht caipiteal sóisialta na bpobal a fhorbairt i spiorad na comhpháirtíochta, rud a chuireann feabhas ar dhaonlathas agus ar rannpháirtíocht áitiúil.

POBAIL INMHARTHANA A THÓGÁIL

I gComhairle Chontae na Gaillimhe, déanfar iarracht pobail áitiúla a neartú trí shócmhainní agus acmhainní pobail a chur ar fáil trí chaidreamh agus tacaíocht fhorghníomhach.

ROCHTAIN UILÍOCH AGUS AN TIMPEALLACHT THÓGTHA

I gComhairle Chontae na Gaillimhe, cuirfear an coincheap a bhaineann le rochtain uilíoch chun cinn trí Dhearbhú Barcelona a ghlacadh agus trí phrionsabail dheartha saoil a ionchorprú i ngach forbairt amach anseo.    

TACÚ LE LÍONTA TÍ AR IONCAM ÍSEAL AGUS CAIGHDEÁN SAOIL A FHEABHSÚ

I gComhairle Chontae na Gaillimhe, déanfar iarracht freastal ar riachtanais na ngrúpaí atá ar ioncam íseal agus a seirbhísí á seachadadh agus acmhainní a dhíriú ar na daoine sin is mó a dteastaíonn siad uathu.

OBAIR I GCOMHAR LE hEAGRAíOCHTAí SEACHTRACHA

I gComhairle Chontae na Gaillimhe déanfar iarracht freastal ar riachtanais na ngrúpaí atá ar ioncam íseal agus a seirbhísí á seachadadh agus acmhainní a dhíriú ar na daoine sin is mó a dteastaíonn siad uathu.
Is iomaí saincheist agus dúshlán atá i gceist fós maidir le fócas uilechuimsitheachta sóisialta a thógáil sa phríomhshruth i gComhairle Chontae na Gaillimhe.

An Straitéis - An dtuigtear cuspóir na comhairle sa réimse sin?

An Struchtúr - Conas a léirítear tábhacht na n-oibreacha uilechuimsitheachta sóisialta sa chomhairle? An gcumasaítear fócas uilechuimsitheachta sóisialta i struchtúir na comhairle? An bhfuil struchtúir sa chomhairle sách solúbtha chun athruithe a láimhseáil? 

Na Córais - Conas a fhéadfar feabhas a chur ar/tacú le huilechuimsitheacht shóisialta sa Chomhairle? Conas a dhéantar cinntí, an gcuireann polasaithe le heisiamh sóisialta?

An Fhoireann - Cé atá freagrach? Cé a bhíonn i gceannas? An bhfuil acmhainní ar fáil?

Scileanna - An bhfuil an meascán ceart de scileanna sa Chomhairle le tionscnaimh uilechuimsitheachta sóisialta a fhorbairt? Cad iad na scileanna breise atá de dhíth?

An Stíl - Cén sórt caidreamh atá ag an gComhairle go seachtrach? Cé chomh maith agus a chuirtear ról na Comhairle maidir le huilechuimsitheacht shóisialta chun cinn? Conas mar a fheictear an Comhairle? Conas a fheidhmítear féinchritíc sa Chomhairle?

An Chomh-Fhís - Cad dó a sheasann an Chomhairle maidir le hUilechuimsitheacht Shóisialta? An bhfuil comhaontú soiléir ann maidir le gach atá tábhachtach? An bhfuil straitéisí uilechuimsitheachta sóisialta áitiúla i bhfeidhm?

Is é an dúshlán atá os comhair an Rialtais Áitiúil an méid a chuirtear, ní hamháin le heisiamh sóisialta a chomhrac a chinneadh, ach na slite trína dtreisítear uilechuimsitheacht shóisialta, trína dtógtar saoránacht agus caipiteal sóisialta a chinneadh freisin. Lean athruithe suntasacha laistigh de Rialtas Áitiúil as na próisis athchóirithe agus baineann na hathruithe sin le heilimh nua, le rólanna nua ags le struchtúir nua.

Éilimh Nua - Baineann dúshláin bhreise ann do ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le dul i ngleic le fadhbanna díothachta agus eisiamh sóisialta le fócas feabhsaithe ar uilechuimsitheacht shóisialta. 

Rólanna Nua - Tá ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag athrú agus tá freagracht nua san áireamh sa ról sin maidir le prionsabail na Straitéise Náisiúnta Frithbhochtaine a ionchorprú ag an leibhéal áitiúil agus leis sin is féidir naisc a thógail idir straitéisí ag an leibhéal náisiúnta agus gníomhaíocht fhrithbhochtaine áitiúil.

Struchtúir Nua -Teastaíonn cuir chuigí lánpháirtithe agus comhordaithe anois le haghaidh a thabhairt ar bhochtaine ag an leibhéal áitiúil trína chinntiú go bhforbrófar córais chun tús áite a thabhairt do bhochtaine a chomhrac.