Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...


RÓL AN ÚDARÁIS ÁITIÚIL

De réir Reachtaíochta/Polasaí, ní mór go ndéanfadh gach údarás áitiúil a Straitéis chun aghaidh a thabhairt ar Uilechuimsitheacht Shóisialta a léiriú anois mar chuid den Phlean Corparáideach agus ní mór ráiteas soiléir de phrionsabail/chuspóirí chun aghaidh a thabhairt ar a ról maidir le huilechuimsitheacht shóisialta a bheith ag gach údarás áitiúil.

Síneann ról na n-údarás áitiúil maidir le dul i ngleic le bochtaine agus eisiamh thar na gnáthréimsí mar thithíocht agus go bhfuil sé, i ndáiríre, ar fud an réimse chorparáidigh. Ag leibhéal eile, tugtar ar aird sa 'Straitéis Náisiúnta Frithbhochtaine' (NAPS) go bhfuil earnáil an rialtais áitiúil ina siocair le hacmhainní a dhíriú ar na daoine sin is mó a dteastaíonn siad uathu. Mar a luaitear níos túisce, tá sraith de spriocanna lárnacha sa Straitéis do raon grúpaí agus saincheisteanna agus leis an Straitéis, tugtar an fhreagracht maidir leo sin a chur chun cinn ag an leibhéal áitiúil do na húdaráis áitiúla.  Leis an Straitéis freisin, éilítear ar na húdaráis áitiúla tionchar a bpolasaithe maidir le bochtaine a bhreithniú agus éilítear orthu freagairt  maidir le bochtaine agus eisiamh sóisialta a cheapadh mar chuid dá gcuid oibre i.e. éilítear ar údaráis aitiúla nithe a bheith 'bochtaine-dhíonach'. 

Rud ba léir a bhí lárnach do bhunú na Straitéise Náisiúnta Frithbhochtaine ab ea an gá a bhí ann a chinntiú go raibh tiomantas foirmiúil ag gach údarás áitiúil maidir le dul in ngleic le heisiamh sóisialta agus le saincheisteanna frithbhochtaine. Ar deireadh, tá ról ceannais na n-údarás áitiúil i bpróiseas na mBord Forbartha Contae/Cathrach, lena n-áirítear díriú ar fhorbairt phobail agus uilechuimsitheacht shóisialta, mar bhonn taca breise ag an ról atá acu, ról atá ag leathnú, maidir le dul i ngleic le bochtaine agus eisiamh.

Cúiseanna go bhfuil an bhéim nua seo ar rialtas áitiúil riachtanach agus tábhachtach chun dul i ngleic le bochtaine agus eisiamh.

Seachadadh Áitiúil

Teastaíonn go ndéanfaí polasaithe agus cláir chun bochtaine a chomhrac a leagtar amach ag leibhéal náisiúnta a chomhordú agus a sheachadadh ón mbun aníos más rud é go bhfuil siad chun na daoine aonair agus na pobail sin is mó atá faoi thionchar na bochtaine a shroichint.

Comhordú agus Lánpháirtiú níos fearr

Tá comhordú agus lanpháirtiú na gclár riachtanach le freagairt iomlánaíoch agus ilthoiseach ar riachtanais daoine a chinntiú. Tá sé sin tábhachtach freisin chun bealaí forchéimnithe amach ón mbochtaine a chruthú. Ní féidir comhordú agus pleanáil den sórt sin a dhéanamh chomh héifeachtach sin ach ag an leibhéal áitiúil. 

Díriú níos fearr ar Fhreagairt

Teastaíonn go leagfaí Polasaithe agus Cláir chun dul i ngleic le bochtaine agus eisiamh sóisialta amach go sainiúil agus go gcuirfí in oiriúint iad chun freagairt d'imthosca agus do riachtanais áitiúla. Teastaíonn go ndíreofaí iad freisin ar na daoine sin is mó atá eisiata agus go mbeidís sofhreagrach do riachtanais nua agus ar bhearnaí i soláthar. Tá an t-eolas agus an cumas ann go háitiúil, ní go náisiúnta, chun é sin a dhéanamh agus chun seirbhísí níos sofhreagraí agus níos cuntasaí a fhorbairt.

Úsáid níos fearr a bhaint as Acmhainní

Más rud é go mbeidh na hacmhainní breise atá geallta faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus faoin gClár um Rathúnas agus Cothroime le húsáid ar shlí bheartaithe agus chomhordaithe chun dul i ngleic le bochtaine agus le heisiamh sóisialta, ní tharlóidh sin mura mbeidh pleanáil áitiúil agus ceannaireacht láidir ann.

Rannpháirtíocht a Fheabhsú

Más rúd é go bhfuil baint le bheith ag cláir chun bochtaine agus eisiamh sóisialta a chomhrac le riachtanais daoine; má tá siad chun neamhspleáchas a chothú agus méadú spleáchais ar choimhthiúchán a sheachaint; má bhíonn siad ró-chaol agus nach leathnaíonn siad an bhearna idir saoránaigh agus polaiteoirí agus oifigigh, ní mór baint a bheith ag na daoine atá bocht agus atá eisiata go sóisialta le leagan amach agus cur i bhfeidhm na gclár sin. Ní feidir é sin a bhaint amach trí shocruithe lárnaithe náisiúnta.

Caipiteal Sóisialta agus Comhéifeachtúlacht a Thógáil

Ní hamháin go mbíonn gá le bearta eacnamaíocha agus le feabhas a chur ar infrastruchtúr agus ar sheirbhísí agus bochtaine á comhrac, bíonn gá ann freisin le caipiteal sóisialta, i.e. na líonraí, na gnásanna agus an iontaoibh lena n-éascaítear comhordú agus comhoibriú do thairbhe frithpháirteach, a thógáil. Tá comhtháthú sóisialta níos fearr agus cumas níos fearr aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sóisialta i bpobail a mbíonn leibhéil arda de chaipiteal sóisialta iontu, is é sin idirghníomhú, iontaoibh fhrithpháirteach agus dlúthpháirtíocht i measc daoine. (Comharsanachtaí agus Coiriúlacht Fhoréigneach agus an Coimisiún ar Cheartas Sóisialta). Ní féidir caipiteal sóisialta a thógail ón lár ach teastaíonn tacaíocht uaidh ag leibhéal áitiúil.

Inbhuanaitheacht

Teastaíonn go mbeadh na páirtithe ábhartha (gníomhaireachtaí rialtais, comhpháirtithe sóisialta, an earnáil phobail agus dheonach) go léir bainteach agus teastaíonn iad a shlógadh chomh maith leis na hacmhainní áitiúla agus náisiúnta go léir le hinbhuanaitheacht réiteach a chothabháil. Is fearr a dhéanfaí é sin ag leibhéal áitiúil.  

Forbairt Polasaí

Teastaíonn go mbeadh taithí, anailís agus léargas na ndaoine sin a bhíonn ag obair ag leibhéal áitiúil mar fhaisnéis do pholasaithe agus cláir náisiúnta níos ábhartha agus níos éifeachtaí a fhorbairt.

Hugh Frazer, 2000 'Anti-Poverty Strategies Within Local Government, Linking Local and National Anti-Poverty Strategies' Combat Poverty: 3-4)

De ghnáth, d'fheictí seirbhísí tithíochta agus seirbhísí áineasa mar na haon seirbhísí a bhíodh á seachadadh ag údaráis áitiúla a mbíodh aon bhaint acu le 'huilechuimsitheacht shóisialta'. Le blianta beaga anuas, áfach, aithníodh trí Rialtas Áitiúil Níos Fearr, Straitéis Náisiúnta Frithbhochtaine (NAPS) agus an Clár um Rathúnas agus Cothroime (PPF) mar shamplaí, nach mór go réimseodh polasaithe agus cleachtais na huilechuimsitheachta sóisialta réimsí feidhme uile na n-údarás áitiúil. Tá ról lárnach ag údaráis áitiúla maidir leis an uilechuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn ag an leibhéal áitiúil. Leis an bhfoirm nua de rialachas áitiúil a cuireadh chun cinn i Rialtas Áitiúil Níos Fearr (BLG), cuirtear dea-chaidreamh leis an bpobal áitiúil, seirbhísí den scoth a sheachadadh agus comhaontú i bpleanáil agus i gcur i bhfeidhm chun cinn sna réimsí feidhme uile.  Dá bhrí sin, cé go bhfuil ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla in obair fhrithbhochtaine trí thithíocht agus taitneamhachtaí áineasa mar leabharlanna, a sholáthar, ar an dóigh chéanna, tá freagrachtaí ag na húdaráis áitiúla sna feidhmeanna eile.

(Léirmheas ar CPA LGAPLN Fitzpatricks)

San Fhóram Náisiúnta Eacnamaíoch & Sóisialta (NESF), creidtear trí Thógáil ar Láidreachtaí:
'Ní mór go dtógfadh rialtas áitiúil ar láidreachtaí traidisiúnta. In obair laethúil an rialtais áitiúil, nasctar go díreach leis na pobail, trí thithíocht, phleanáil, leabharlanna, athnuachan bailte agus sráidbhailte, forbairt fiontair, soláthar seirbhísí tríd is tríd agus trína idirghníomhaíocht lena Fhóraim Pobail agus Deonacha. Ní mór do rialtas áitiúil aitheantas a thabhairt dá chomhaltaí tofa agus iad a neartú chomh maith leis an tuiscint agus an t-eolas atá acusan ar phobail áitiúla. Táthar ag tabhairt níos mó suntais don rialtas áitiúil i bpobail áitiúla trí thionscnaimh ríomh-rialachais agus díláraithe seirbhísí.    

Agus trí Rudaí Nua a Fhoghlaim

'Ach ní mór dó a bheith oscailte freisin do choincheapa nua, do thascanna nua agus do mhodhanna oibre nua. Leathnaíonn an NESF ar thuarascáil Barrington, tugtar saincheisteanna a bhaineann le cumasú, saoránacht, daonlathas rannpháirtíoch, cothromas agus comhionannas ar aird"

Níos bunúsaí ná sin, san NESF, feictear Uilechuimsitheacht Shóisialta mar ábhar trína dtugtar daonlathas rannpháirtíoch ag gach leibhéal, spreagadh coimhdeachta, comhrac an chlaonta i dtreo na féinleasa le tuiscint. Éilítear go gcothófaí samhlacha na dea-saoránachta ar fud na sochaí'.

Luaitear sa phlépháipéar don Chumann Bainisteoirí Cathrach & Contae (CCMA) gur léir do Rialtas na hÉireann gur saincheist í seo a gcaithfear gníomhú ina leith, ach is é an rialtas áitiúil is fearr atá in ann é sin a chur i bhfeidhm mar gheall go bhfuil nasc níos láidre idir an rialtas áitiúil agus a bpobail, agus sainmhínítear a mhandáid i gcuid a 9 den Acht Rialtais Áitiúil.