Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

Cur I bhFeidhm


Tá freagracht iomlán ag Bord Forbartha Chontae na Gaillimhe (BFC) do chur i bhfeidhm agus monatóireacht ocht dtéama Straitéis Chontae na Gaillimhe. Is ar na Príomheagraíochtaí Comhpháirtíochta aontaithe i comhar le heagraíochtaí eile atá an fhreagracht maidir le cur i bhfeidhm gníomhaíochtaí atá sa Straitéis.

Tá Cuig Comh-Chlár Gníomhaíochtaí don tréimhse idir 2009-2012 atá idirnasctha leis na hocht dtéama atá sa Straitéis Contae curtha le chéile ag Athbhreithniú 2009. Foirmítear Foirne Tionscadail bunaithe ar ghníomhaíochtaí ar leith agus tá siad nasctha le fo-struchtúir an Bhoird ar mhaithe le monatóireacht a dhéanamh. Sna trí bliana amach romhainn, díreoidh an Bord, fo-struchtúir agus foirne tionscadail ar chur i bhfeidhm agus monatóireacht an 5 Clár Gníomhaíochtaí (CCG).

Feidhmíonn baill foirne Aonad Forbartha Pobail, Fiontair agus Eacnamaíochta Chomhairle Contae na Gaillimhe mar phointí teagmhála do gach ceann de na fo-struchtúir agus foirne tionscadail agus bíonn siad i dteagmháil leis an duine atá ainmnithe sna príomheagraíochtaí comhpháirtíochta. Baill foirne ón bPríomheagraíocht Chomhpháirtíochta a chuireann tacaíocht ar fáil d'fhoirne tionscadail agus i gcásanna áirithe, freastalaíonn foireann an Aonaid ar fhoirne tionscadail trí thacaíocht taighde agus bainistíocht tionscadail a sholáthar d'fhonn dul chun cinn a dhéanamh ar sheachadadh gníomhaíochtaí.

Fo-Struchtúir Chur i bhFeidhm agus Mhonatóireachta (CCG)

 

Príomh-Pháirtí

Eacnamaíochta Fóram Fiontair agus Leathanbhanda Eacnamaíochta 

 

Comhairle Chontae na Gaillimhe

Fóram Turasóireachta na Gaillimhe

 

Failte Ireland West

Coiste Contae d'Fhorbairt Fisiciúil agus ár nAcmhainní Talmhaíochta agus Tuaithe  (CCFTT)

 

Teagasc

Grúpa Iompair Chomhtháthaithe &

Chomhordaith

Comhairle Chontae na Gaillimhe

Grúpa Chur i bhFeidhm na Gaeltachta & na nOileán

 

Údarás na Gaeltachta

Fóram Pobail Chontae na Gaillimhe

Grúpaí pobail and deonacha

Fóram Foghlama na Gaillimhe

Choiste Gairmoideachais
Chontae na Gaillimhe

Fóram Oidhreachta Chontae na Gaillimhe

 

Comhairle Chontae na Gaillimhe

Cúraim Leanaí Chontae agus Cathrach

Cúraim Leanaí Chontae agus Cathrach