Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

Straitéis Chontae na Gaillimhe


Cur Chuige Nua ar Phleanáil Straitéiseach

I mí Bealtaine 2002, sheol an Bord a Straitéis aontaithe d’Fhorbairt Eacnamaíochta, Shóisialta agus Chultúrtha ‘Ar Scáth a Chéile Ár dTodhchaí á Mhúnlú” 2002 – 2012.

Áiríonn an Straitéis seo na hocht dtéama straitéiseacha agus tá clár oibre aontaithe d’infheistiú acmhainní balleagraíochtaí an Bhoird Forbartha Contae (BFC) curtha ar fáil freisin.

Tá tionscadail agus comhpháirtíochtaí nua a bhaineann le Turasóireacht; Forbairt Tuaithe; Leathanbhanda agus Fiontair; Cuimsiú Sóisialta; Oideachas; Iompar; curtha ar bun sa Ghaeltacht agus ar na hOileáin mar gheall ar chur i bhfeidhm. Mar thoradh ar an gcomhoibriú seo atá ar bun ag creatlach an Bhoird Forbartha Contae tá méadú tagtha ar na hacmhainní atá ar fáil sa Chontae agus níos suntasaí ná sin, tá na hacmhainní sin á ndíriú ar na háiteanna cearta laistigh den Chontae.

Rinneadh athbhreithniú ar an Straitéis Chontae in 2009.  Thángthas ar aontas ar Cuig Chlár le 45 Gníomhaíochtaí Tosaíochta do 2009-2012.