Galway County Council

Planning GA

Cosán an tSuímh...

Tuairim a thabhairt faoi Iarratas Pleanála

Tá ról tábhachtach ag an gcóras pleanála sa tsochaí. Cuidíonn sé linn an úsáid is fearr a bhaint as ár n-acmhainní, cosnaítear an timpeallacht agus oidhreacht ár gcuid bailte, ár gcuid cathracha agus faoin tuath agus leis an gcóras pleanála, cinntítear go bhféadfaidh forbairt riachtanach agus fiúntach dul ar aghaidh.
Rialaíonn na húdaráis phleanála, suíomh agus méid na forbartha agus an cineál forbartha a dhéantar trí chinntí a dhéanamh ar iarratais phleanála. Tá sé de cheart ag gach duine a dtuairimí maidir le cúrsaí pleanála áitiúla a chur in iúl agus ionchur a bheith acu maidir le pleanáil agus forbairt ina gceantar féin, trí thuairimí a thabhairt ar iarratais phleanála agus trína bheith rannpháirteach in athbhreithniú tréimhsiúil an phlean forbartha (féach ar 'An Plean Forbartha' freisin ).

Tá an bhileog eolais seo beartaithe a bheith mar threoir phraiticiúil. Ní léirmhíniú dlíthiúil cinnte ar dhlí phleanála í. Féadfaidh tú dul i gcomhairle le d'údarás pleanála áitiúil ag an seoladh a thugtar ag deireadh na billeoige eolais seo, le haghaidh tuilleadh eolais a fháil.

1. An bhféadfaidh mé tuairim a thabhairt faoi iarratas pleanála ar bith?
2. Cé dó a dtabharfaidh mé tuairimí ?
3. Conas a mbeidh a fhios agam faoi iarratas faoi leith a dhéanfar?
4. Cá mhéad ama a bheidh agam chun tuairim a thabhairt?
5. Cén teacht a bheidh agam ar fhaisnéis phleanála?
6. An éisteofar le mo chuid tuairimí?
7. Cad faoi is féidir liom tuairim a thabhairt?
8. Cad iad na tuairimí nach mbreithneofar?
9. Cé a fheicfidh mo chuid tuairimí?
10. An gcuirfear an cinneadh in iúl dom?
11. An bhféadfaidh mé achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh pleanála?

1. An bhféadfaidh mé tuairimí a thabhairt faoi iarratas ar bith?

Is féidir. Is córas oscailte agus trédhearcach é an córas pleanála. Tá sé de cheart ag gach duine (daoine aonair, cumainn áitritheoirí, etc) féachaint ar iarratas agus tuairim a thabhairt faoi, bíodh na tuairimí sin dearfach nó diúltach, má cheapann siad go mbeidh tionchar aige orthu féin nó ar an gcomharsanacht. Is féidir leat tuairim a thabhairt faoi iarratas fiú mura bhfuil baint dhíreach aige leat, ach go mbraitheann tú go láidir faoi shaincheist faoi leith agus go bhfuil tú ag iarraidh do thuairim a léiriú. Ní mór aon aighneachtaí nó nithe a thugtar ar aird, a dhéanamh laistigh de na chéad chúig seachtaine ón am a ndéantar an t-iarratas, in éineacht le táille de 20euro.

2. Cé dóa dtabharfaidh mé tuairimí?

Ba chóir duit gach tuairim a sheoladh, i scríbhinn, chuig údarás pleanála an cheantair lena mbaineann an t-iarratas (Comhairle Chontae, Contaebhuirg, Bardas Buirge nó Comhairle Cheantair Uirbigh). Tabhair an uimhir thagartha a thugann an t-údarás don iarratas, más féidir ar chor ar bith, le do thoil.

3. Conas a mbeidh a fhios agam faoi iarratas faoi leith a dhéanfar?

Caithfidh iarratasóir ar chead pleanála fógra faoin iarratas a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear go háitiúil (tá liosta ag an údarás pleanála, de na nuachtáin a nglactar leo chun fógra poiblí a fhoilsiú iontu) agus trí fhógra láithreáin a chur suas (féach Fógra Láithreáin Samplach - cáipéis Acrobat) in áit fheiceálach. Ní mór go bhfaigheadh údarás pleanála iarratas laistigh de choicís ón am a chuirtear an fógra sa nuachtán. Ní mór fógra láithreáin a chur suas an dátá a ndéanfaidh tú an t-iarratas, nó roimhe sin, agus caithfear é a choinneáil ann, i riocht soléite, ar feadh cúig seachtaine tar éis an t-iarratas a chur isteach, ar a laghad.
Beidh fógra faoi gach iarratas phleanála agus an dáta a bhfuarthas é, ar taispeáint go poiblí ar feadh dhá mhí, i rith uaire oifige in oifigí an údaráis áitiúil agus i leabharlanna poiblí áitiúla. Scaipfear liostaí pleanála chuig cumainn áitritheoirí, grúpaí leasmhara etc. ar chostas íseal.
Má cheapann tú go ndearnadh iarratas, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás pleanála maidir le hiarratais le déanaí.

4. Cá mhéad ama a bheidh agam chun tuairim a thabhairt?

Ní mór aon tuairimí maidir le hiarratas pleanála, a dhéanamh laistigh de na chéad chúig seachtaine ón am a ndéantar an t-iarratas, agus caithfear táille de 20 euro a íoc. Caithfidh an t-údarás cinneadh a dhéanamh ar iarratas bailí laistigh de 8 seachtaine, mura n-aontaíonn an t-iarratasóir le síneadh a chur leis an am sin, nó go mbíonn gné éigin den iarratas doiléir agus go bhfuiltear ag lorg tuilleadh eolais chun a chur ar chumas an údaráis cinneadh a dhéanamh. Ní fhéadfaidh an t-údarás pleanála cinneadh a dhéanamh faoi iarratas go dtí go mbeidh 14 lá caite ó fhaightear an t-iarratas nó, go dtí go mbeidh 28 lá caite ó fhaightear é más rud é go mbíonn gá le Ráiteas Tionchair Timpeallachta. Féadfaidh an t-údarás pleanála a iarraidh ar an iarratasóir fógra poiblí eile a thabhairt maidir le hiarratas in imthosca áirithe agus nuair is gá sin a dhéanamh, is ó dháta foilsithe an fhógra sin a bheidh feidhm leis an tréimshe le haghaidh cinneadh a dhéanamh. 

5. Cén teaacht a bheidh agam ar fhaisnéis phleanála?

Tá tú i dteideal gach cáipéis a chuirtear isteach le hiarratas pleanála a fheiceáil, saor in aisce, in oifig an údaráis phleanála i rith uaire oifige, ón dáta a fhaightear an t-iarratas go dtí go ndéantar cinneadh air. Is féidir tuarascálacha inmheánacha maidir leis an iarratas, arna n-ullmhú ag nó thar ceann an údaráis phleanála, a fheiceáil tar éis don údarás pleanála cinneadh a dhéanamh, i rith na tréimshe d'achomharc a dhéanamh.
Is féidir cóipeanna de Ráiteas Tionchair Timpeallachta ar bith agus cóipeanna de shleachta as ráiteas den sórt sin, a cheannach ar tháille réasúnta. Bíonn cinntí pleanála ar fáil don phobal lena n-iniúchadh ar feadh suas le 7 mbliana tar éis cinneadh a dhéanamh faoin iarratas. Is féidir comhaid atá níos sine a iniúchadh ach táille de 10 euro a íoc.
Is taifead de gach iarratas, cinneadh, achomharc, gníomh forfheidhmithe pleanála etc. iad an clár pleanála agus an léarscáil phleanála. Is féidir leis an bpobal an clár a iniúchadh, saor in aisce, in oifigí an údaráis áitiúil le linn uaire oifige. Is féidir cóipeanna d'iontrálacha ar an gclár a cheannach ar tháille (10 euro, i láthair na huaire).

6. An éisteofar le mo chuid tuairimí?

Éisteofar. Nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh ag an údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála, ní mór don údarás pleanála tuairimí i scríbhinn ar chúrsaí pleanála, a bhreithniú. Ní mór tuairimí den sórt sin a fháil laistigh de na chéad chúig seachtaine ón am a ndéantar iarratas agus caithfear táille de 20 euro a íoc.

7. Cad is féídir liom tuairim a thabhairt maidir leis?

Ní fhéadfaidh na húdaráis phleanála ach pleanáil agus forbairt cheart a gceantar chomh maith le caomhnú agus feabhsú taitneamhachtaí, a bhreithniú, le haird ar fhorálacha a bplean forbartha. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an t-údarás ach agóidí a bhíonn bunaithe ar bhreithnithe pleanála a bhreithniú agus ní agóidí a bhunaítear ar ghearáin agus ar nithe nach dtaitníonn le daoine go pearsanta, ar shaincheisteanna neamhphleanála iad a bhaineann le núiséilimh nó le díospóidí dlí, etc. Go ginearálta, beidh baint ag pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe i gceantar: 

Tabharfaidh plean forbartha a bhainfidh le ceantar léiriú ar shaincheisteanna pleanála ábhartha.

8. Cad iad na tuairimí nach mbreithneofar?

Áirithe ar agóidí nach bhfuil baint acu le pleanáil go ginearálta agus nach féidir iad a chur san áireamh, tá:

Má bhíonn aon ghearán agat maidir le haon cheann de na pointí thuasluaite, ba chóir duit, de ghnáth,  réiteach ar an gcás a lorg faoin dlí sibhialta seachas faoin dlí pleanála. B'fhéidir go mbeadh ort dul i gcomhairle le haturnae maidir le do chearta sa chomhthéacs sin.

Déanfar neamhaird freisin de thuairimí cráiteacha agus de thuairimí suaibhreosacha.

9. Cé a fheicfidh mo chuid tuairimí?

Beidh gach doiciméad a bhaineann le hiarratas, lena n-áirítear  do chuid tuairimí i scríbhinn, ar fáil don phobal lena n-iniúchadh.

10. An gcuirfear an cinneadh in iúl dom?

Cuirfear. Ní mór don údarás pleanála a chinneadh a chur in iúl, laistigh de 3 lá ó dhéantar an cinneadh, d'aon duine a thugann tuairimí i scríbhinn i ndáil le hiarratas ar phleanáil, laistigh de na chéad chúig seachtaine ón am a ndéantar an t-iarratas, agus táille de 20 euro a bheith íoctha. Is tríd an bpost a dhéantar é sin de ghnáth: ach nuair a fhaightear líon ard tuairimí, d'fhéadfadh an t-údarás pleanála fógra a eisiúint laistigh de 7 lá trí fhógra poiblí i nuachtán a scaiptear go háitiúil. Tá fógra poiblí éigeantach i gcásanna go mbíonn Ráiteas Tionchair Timpeallachta ag gabháil le hiarratais.

11. An bhféadfaidh mé achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh pleanála?

Féadfaidh. Féadfaidh duine ar bith achomharc a dhéanamh chuig An Bord Pleanála in aghaidh cinneadh pleanála, nó féadfar nithe a thugtar ar aird, maidir le hachomharc duine éigin eile, a chur isteach i scríbhinn, ach, ní fhéadfar é sin a dhéanamh i gcás achomhairc tríú páirtí, ach amháin nuair a dhéanann tríú páirtí an chéad aighneacht nó nuair a thugann tríú páirtí nithe ar aird ar dtús. Ní chuirtear na tuairimí ná na nithe a thugtar ar aird, a fhaigheann an t-údarás pleanála, ar aghaidh chuig an mBord Pleanála i gcás achomhairc. Más rud é go mbíonn tú ag iarraidh go mbreithneodh an Bord Pleanála do smaointe, beidh ort baint a bheith agat leis an bpróiseas achomhairc. Féach an leathanach Achomharc Pleanála a Dhéanamh le haghaidh mionsonraí maidir leis an bpróiseas achomharc, táillí, teorainneacha ama etc.