Cosán an tSuímh...
Tá na forbairtí atá le fáil sa tábla a leanas faoi réir ranníocaíocht forbartha bunaithe ar achar urláir de réir an ráta atá sonraithe sa tábla. Beidh éagsúlacht sa ráta don trí fho-limistéar a ainmníodh níos luaithe mar chuid den scéim, is é sin le rá:
- Fo-limistéar 1 Tuaim, Baile Átha an Rí, Baile Locha Riach, An Gort agus bailte, sráidbhailte agus ceantair tuaithe eile laistigh den chrios 15km agus imill uirbigh Thuama, Bhaile Átha an Rí, Bhaile Locha Riach agus an Ghoirt.
- Fo-limistéar 1 Laistigh de theorainneacha gach baile, sráidbhaile agus ionad lonnaíochta eile
- Fo-limistéar 1 Gach limistéar eile.
Forbairt Thionsclaíoch/Tráchtála agus Forbairtí Eile
Muirear sa m2
Fo-limistéar 1
Fo-limistéar 2
Fo-limistéar 3 Grúpa 1
Seamlas, Monarcha Coincréite/Asfailt, Tionscal Ginearálta, Ionad Aistrithe Dramhaíola, Ionad Mórdhíola Íoc is Iompair, Halla Rince/Dioscó, Ospidéal, Teach Scoir, Institiúid Chónaithe, Óstán/Móstán, Oifigí os cionn 1,000 m2, Stáisiún Peitril/Garáiste Seirbhíse, Teach Ósta/Bialann, Siopaí – Ionaid Móra Díolacháin
€30
€25
€20 Grúpa 2
Iosta Breosla Teaghlaigh, Tionscal-Éadrom, Tionscal-speisialta, Fiontar Bunaithe ar Eolaíocht & Teicneolaíocht, Clós dramh-mhiotail, Athchúrsáil, Ollstóráil-Miondíola
€20
€17
€14 Grúpa 3
Ollstóráil, Oifigí nach mó ná 1,000 m2, Siopa Áitiúil, Dochtúr, Fiaclóir, Tréidliacht, Oifig Gealltóireachta/Teach Tórraimh, Creis/Oideachas, Conchrónna Bordála, Ionad Fiontair, Teach Aíochta/ B & B, Ionad Garraíodóireachta, Iosta Páirceála/Iompair do Fheithiclí Troma, Gníomhaíochta Eacnamaíochta Bunaithe sa Bhaile, Ionad Díolacháin Mótair, Foirgnimh Caitheamh Aimsire (Tráchtála), Ionad Caitheamh Aimsire/Club Spóirt, Tionscal Tuaithe – Teachín Tuaithe/Bia
€16
€13
€10
PÁIRCEÁIL DE RÉIR SPÁS €3,600
Déanfar gach forbairt nach bhfuil curtha san áireamh sa tábla thuas a chur san áireamh i nGrúpa 2 thuas agus beidh siad faoi réir ag na muirir atá leagtha amach thuas is é sin le rá, €20 sa mhéadar cearnach i bhFo-limistéar 1, €17 sa mhéadar cearnach i bhFo-limistéar 2, €14 sa mhéadar cearnach i bhFo-limistéar 3. Ní áirítear an tionscal a leanas leis an bhforáil seo, arna mbainfear muirear faoin bhForáil Ranníocaíochtaí Speisialta atá le fáil in Alt 48(ii)(c)
DRAMHAÍOL LÍONTA TALÚN, CAIRÉIL AGUS POILL GAIRBHÉIL
Beidh ranníocaíochtaí speisialta do Chairéil dramhaíl/líonta talún agus poill gairbhéil bunaithe ar an gcritéir a leanas:
- Méid na forbartha atá beartaithe i.e. i gcás líonta talún an líon ábhar atá beartaithe a fhágáil ar an láthair nó i gcás Cairéil agus Poill Gairbhéil: an líon ábhar atá beartaithe a chur ar fáil agus a sheachadadh ó agus go dtí an láthair.
- Staid an bhóthair atá ag freastal ar an bhforbairt.
- Fad an bhóthair/na mbóithre ón bhforbairt go dtí na bóithre áitiúil is gaire san 1ú Grád atá in ordú mhaith.
- An costas a bhaineann le caighdeán sásúil a bhaint amach don bhóthar nó bóithre chun an forbairt a éascú agus gan tionchar diúltach a bheith aige ar úsáideoirí eile bóithre.
- An costas a bhaineann le bearta rialaithe tráchta.
- Beidh forbairt Foirgnimh atá Curtha ar Fáil, Cairéil dramháil/líonta talún agus poill gairbhéil faoi réir coinníollacha an scéim ranníocaíochtaí ginearálta don fhorbairt atá bainteach.
- Beidh líonta talún faoi réir ag ranníocaíocht forbartha €3 de réir an tonna dramhaíl.
FEIRMEACHA GAOITHE
Gearrfar muirear ar fiú €8,000 é ar gach tuirbín.
CRAINN TEILEACHUMARSÁIDE
Bainfidh táille aon uaire de €8,000 leis an gcéad iarratas a eiseofar. Ní bheidh iarratais a dhéantar in athuair maidir leis an gcrann chéanna faoi réir an choinníoll seo.
GALFCHÚRSAÍ AGUS ÁISEANNA EILE CAITHEAMH AIMSIRE, A CHORPRAÍONN ÁITRIBH
Bunófar ranníocaíochtaí speisialta do na cineálacha seo forbairtí ar an gcritéir a leanas:
an t-éileamh a bheidh ar seirbhísí uisce de bharr na forbartha
an trácht a thiocfaidh chun cinn de bharr na forbartha
staid an bhóthair atá ag freastal ar an bhforbairt
Fad an bhóthair na mbóithre ón bhforbairt go dtí na bóithre áitiúil is gaire san 1ú Grád atá in ordú mhaith
An costas a bhaineann le caighdeán sásúil a bhaint amach don bhóthar nó bóithre chun an forbairt a éascú agus gan tionchar diúltach a bheith
aigear úsáideoirí eile bóithre
An costas a bhaineann le bearta rialaithe tráchta
Beidh foirgnimh a chuirtear ar fáil mar chuid d’fhorbairt ar ghalfchúrsa nó áiseanna eile caitheamh aimsire faoi réir ag coinníollacha an scéim ranníocaíochtaí speisialta don fhorbairt bainteach